Bhí athair Éireannach croíbhriste i dtuilte deora (floods of tears) agus é ag rá le CNN gur bhéic sé ‘Yes!’ tar éis dó a fháil amach gur dúnmharaíodh a iníon, in ionad Hamas í a fhuadach (kidnap).
Dúirt Tom Hand, arb as Baile Átha Cliath ó dhúchas dó, go raibh a iníon Emily, ocht mbliana d’aois, imithe chun fanacht i dteach a charad.
Bhí siad sa Kibbutz Be’eri in Iosrael in aice le Gaza muair a ionsaigh Hamas é ar Dé Sathairn.
Bhí sé teanntaithe (trapped) mar gheall ar mílístí Hamas armtha agus ní raibh sé in ann teacht ar a iníon’ ar feadh 12 uair an chloig.
Rinne sé cur síos ar an nóiméad a fuair sé amach go bhfuarthas a corp, tar éis dó fanacht ar feadh dhá lá le haghaidh nuachta.
Agus é deora, dúirt an tUasal Hand gur faoiseamh a bhí ann fáil amach go raibh Emily marbh agus nár fuadaíodh í.
‘Dúirt siad, fuaireamar Emily, tá sí marbh. Agus dúirt mé “Yes!” … agus aoibh gháire orm mar ba é sin an nuacht is fearr ar na féidearthachtaí a bheadh ann … bhí sí marbh nó i nGaza, agus má tá a fhios agat rud ar bith faoi na rudaí a dhéanann siad do mhuintir Gaza … níos measa ná bás … mar sin beannacht, beannacht iomlán a bhí sa bhás.’
Bhog Thomas go hIosrael 30 bliain ó shin mar oibrí deonach agus ar dtús ní raibh sé i gceist aige fanacht ach ar feadh cúpla mí ach níor fhág sé riamh.
Fuair a bhean chéile, máthair Emily, bás den ailse (cancer) cúpla bliain ó shin agus mar sin bhí sé ina chónaí leis féin lena iníon.
Dúirt Thomas go raibh ‘girly night’ ag Emily le cara Dé hAoine seo caite.
Dúirt sé gur chuala sé ‘sirens’ go gairid tar éis 630am maidin Dé Sathairn ach nach raibh =imni air, ar dtús, toisc nach raibh siad neamhchoitianta ina kibbutz.
Mar sin féin, nuair a chuala sé na gunnaí tháinig imní air. Ach bhí sé ró-dhéanach faoin am sin.
Dúirt Thomas nach raibh sé in ann imeacht toisc go raibh mílístí Hamas armtha go mór ag dul timpeall ar a chomharsanacht (neighbourhood).
D’inis sé go raibh sé teanntaithe (trapped) ar feadh 12 uair an chloig.
Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha (Department of Foreign Affairs) nach raibh sé in ann trácht a dhéanamh ar shonraí an cháis seo ag an am seo.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.