Íocadh €10,000 le fear as a chara a dhúnmharú. Mheall Conor Dolan a chara chuig lána tuaithe agus chuir sé urchair air, de réir fianaise sa Phríomh-Chúirt Choiriúil Déardaoin.
Cuireadh Dolan, as Ashbrook Apartments, Bóthar na hUaimhe (Navan Road), Baile Átha Cliath 7, chun príosúin ar feadh a saoil mar gheall ar an marú.
Phléadáil Dolan, atá 33 bliain d’aois, ciontach i mí Iúil, as Neil Fitzgerald, a bhí 36 bliain d’aois, a dhúnmharú ag Lána an Hilligh (Hills Lane), Crooksling, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24 ar 5 Meitheamh 2016.
Dúradh sa chúirt gur shocraigh Dolan a chara a phiocadh suas as teach tábhairne i dTamhlacht.
Thiomáin siad ansin go ceantar iargúlta, áit a bhfaighfí corp an Uasail Fitzgerald an lá dár gcionn i Crooksling.
Fuarthas corp an Uasail Fitzgerald ar lána tuaithe ciúin in aice le Tamhlacht. Lámhachadh sé huaire é.
Dúradh leis an gcúirt, tar éis do Dolan cóicín a ghlacadh, gur inis sé dá iar-chailín, máthair a linbh, go ndearna sé an dúnmharú ar €20,000 ach nár íocadh ach €10,000 leis.
Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, Déardaoin, ghearr an Breitheamh Eileen Creedon pianbhreith éigeantach saoil i bpríosún ar Dolan as dúnmharú an Uasail Fitzgerald.
Ghabh an breitheamh a comhbhrón le teaghlach an Uasail Fitzgerald, ar a dtugtaí Ozzie air, agus dúirt gur ‘saoil i bpríosún an t-aon phianbhreith atá oscailte don chúirt’.
Rinne sí an phianbhreith a shiardhátú go dtí an 15 Bealtaine 2020, nuair a ghabh an Bleachtaire Garda Conor Harrison Dolan, tar éis do teach tar ais as an mBreatain, agus cuireadh Dolan faoi choimeád ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Le linn thriail Dolan, b’éigean giúiré nua a fhostú ar an dara lá den triail tar éis don chosaint iarratas a dhéanamh ar an ngiúiré a scaoileadh amach.
Dúirt Paul Murray SC, ag cosaint Dolan, don bhreitheamh go raibh oifigigh phríosúin i dteagmháil le Dolan agus go raibh siad ina seasamh ró-ghar dó fad is a bhí an giúiré fós sa seomra cúirte, rud a chruthaigh dochar féideartha i súile an ghiúiré.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.