Cibé faoi Dracula, tá Bram Stoker fós beo, nó ar a laghad neamh-bheo, i mBaile Átha Cliath agus é ag coinneáil Cuisle na Cathrach ag pléascadh.
Tá Raidió na Life ag cur fáilte roimh bhaill den phobal teacht dá ndeoin agus dá saorthoil féin (freely and of their own free!) chuig podchraoladh speisialta neamh-bheo, Sumairí agus na Neamhmhairbh (Vampires and the Un-dead), a thaifeadfar os comhair lucht éisteachta is féachana beo – nó neamh-bheo.
Tá sé ar siúl sa Seomra Palaitíneach (Palatine Room) in Ard-Mhúsaem na hÉireann ag Dún Uí Choileáin (Collins Barracks) ar an Domhnach, 29 Deireadh Fómhair ag a 3pm.
Mar chuid d’Fhéile Bram Stoker Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, labhróidh Muiris Ó Fiannachta le haíonna speisialta, an tOllamh Alan Titley, an t-aisteoir agus stiúrthóir Caitríona Ní Mhurchú agus an scríbhneoir ficsin vaimpír-bhunaithe do pháistí, Orna Ní Choileáin.
Beidh siad ag caint faoi mhórthionchar cultúrtha Bram Stoker; a thionchar ar an litríocht, ar scannáin agus ar chultúr ár linne.
Pléifear freisin aistriúchán Gaeilge Sheáin Uí Chuirrín ar Dracula ón mbliain 1933, ceann de na haistriúcháin Ghaeilge is iomráití dá bhfuil ann.
Chun ticéid agus tuilleadh eolais a fháil cliceáil anseo: https://bramstokerfestival.ticketsolve.com/ticketbooth/shows/873652267
Mairfidh an ócáid ar feadh uair an chloig agus ní mór do dhaoine fásta a bheith in éineacht le leanaí faoi bhun 18.
Tá sé oiriúnach do leanaí os cionn 12 bliain d’aois.
Tá an Seomra Palaitíneach oiriúnach do chathaoireacha rothaí. Tá tuilleadh eolais mar gheall ar inrochtaine ar fáil ANSEO.
Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann ag Dún Uí Choileáin ar Google Maps. Cliceáil ANSEO le haghaidh léarscáil.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.