Féach ar seo! Patrick ‘Tube Girl’ Kielty

08/10/2023

Tá níos mó lucht leanúna tagtha go Kielty tar éis a ‘Sabrina Bahsoon special’ ar Tik Tok

Shílfeá go bhfuil gach duine ar domhan ag  caint faoi Tube Girl ar Tik Tok – ní amháin Patrick Kielty.

Agus anois, leis an óstach nua ag taispeáint go bhfuil a chuid smaointe féin aige faoin Late Late Show – cén fáth nár cheart dó triail a bhaint as an rud céanna?

Agus rinne sé é.

Ní raibh an hata Stetson ollmhór – a bhí aige don Country Music Special – ar an óstach nuair chuaigh sé chuig na meáin shóisialta le haghaidh a phost ceoil greannmhar.

Ag dul ar Tik Tok leis an clip, chruthaigh Patrick go raibh ‘Tube Kielty’ beo.

Agus léiríonn seisiún tráchta Tik Tok cé chomh rathúil agus a bhí sé.

Ag tús an clip, is féidir linn foireann RTÉ a fheiceáil ag druidim le Kielty le séidire duillí (leaf blower) sa stiúideo, agus d’fhreagair an fear grinn: ‘Cad é sin, agus cá bhfuil sibh ag iarraidh é a chur? Níl sé sin chun a tarladh.’

Nóiméad ina dhiaidh sin, bhí Kielty ar ár scáileáin agus é ag damhsa mar Sabrina Bahsoon ar Tik Tok.

‘Níos mó gruaige a Phádraig, níl an locht ar na séidirí duillí,’ a dúirt duine amháin ag magadh faoi ar na meáin shóisialta.

‘Rock on Paddy,’ a dúirt duine eile.

Ar an Country Music Special chruthaigh Kielty go bhfuil sé i ngrá le ceol tíre (country music) – agus chuir sé iontas ar an lucht féachana nuair a léim sé suas chun amhrán clasaiceach Jimmy Buffett a chanadh.

Roimhe sin ní raibh an tús is fearr ag an Country Music Special, le Declan Nerney ag canadh Stop the World And Let Me Off agus ag fáil teachtaireachtaí measctha ar na meáin shóisialta.

Mar sin féin, bhí an lucht féachana sásta leis an ‘Song Roulette’.

Bhí ionadh ar lucht leanúna nuair a chas an roth mór chun fháil amach cén t-amhrán a bheadh ar na réaltaí ceoil tíre a chanadh.

kielty country
Patrick Kielty agus an Country Music Special

Ansin rinne cúigear d’aíonna Phádraig leagan tíre ar roinnt amhráin clasaiceach, ina measc Philomena Begley, a chuaigh i bhfeidhm ar gach duine lena léiriú de The Way Old Friends Do le ABBA.

Mar sin féin, ba é léiriú Gerry Guthrie den amhrán It’s Five O’Clock Somewhere le Jimmy Buffett a spreag an lucht féachana ag caint, agus Kielty ag canadh leis.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram