Bhásaigh 21 duine ar a laghad agus gortaíodh 12 duine i dtimpiste bus turasóireachta in aice leis an Veinéis (Venice) i dtuaisceart na hIodáile.
Bhí an cóiste ag iompar grúpa turasóirí ó oirthear na hEorpa a bhí ag filleadh ar Marghera tar éis dóibh an lá a chaitheamh sa Veinéis.
Chuaigh an cóiste ón mbóthar i Mestre agus thuirling sé gar do línte iarnróid áit a ndeachaigh sé trí thine.
I measc na ndaoine a bhí ar bord bhí saoránaigh na hÚcráine, na Gearmáine agus na Fraince, de réir an reachtaire Veinéise Michele Di Bari.
Leanaí a bhí i mbeirt de na mairbh. Maraíodh an tiománaí Iodálach, aois 40, freisin, dúirt Di Bari.
‘Tá an bus iomlán brúite. Bhí deacracht ag na comhraiceoirí dóiteáin (fire fighters) go leor de na coirp a bhaint amach,’ a dúirt Di Bari.
Tá drochbhail ar cheathrar díobh siúd a gortaíodh, a dúirt Renato Boraso, oifigeach de chuid na Veinéise.
Dúirt an tAire Gnóthaí Baile na hIodáile, Matteo Piantedosi, gur ‘eitil an bus 30 méadar san aer’.
Dúirt sé: ‘Tá an chuma ar an scéal gurb é an fáth gur thárla an tine go tapa ná go raibh an bus á thiomáint ag meatán (methane).’
Tá Mestre ceangailte leis an Veinéis trí dhroichead.
‘Is radharc apocalyptic é,’ a dúirt Méara na Veinéise Luigi Brugnaro.
Chuir Príomhaire na hIodáile, Giorgia Meloni, a ‘comhbhrón ó chroí in iúl tar éis an timpiste thromchúiseach a tharla i Mestre’.
‘Tá ár smaointe ag dul amach chuig na híospartaigh agus a muintir agus a gcairde,’ a dúirt sí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.