Ómós tugtha don mhac léinn ó Choláiste na Tríonóide a fuair bás tar éis timpiste cadhcáil (kayaking) i Washington – bhí sí ag staidéar in ollscoil ansin.
Bhí Ella Mills ar an Potomac River i Maryland agus í ar thuras le Whitewater Kayaking Club Ollscoil Columbia nuair a tharla an timpiste.
Tuairiscíodh go bhfuair a cuid éadaí gafa ar charraig tar éis dó a bheith faoin (submerged) uisce Dé Domhnaigh.
Thosaigh sí ag Ollscoil Columbia an fómhar seo mar mhac léinn tríú bliain ina clár dé BA le TCD, áit a ndearna sí staidéar ar an mBéarla.
Inniu, thug Ronan Walsh, ceannasaí Sutton Park School i mBaile Átha Cliath, ómós do Ella, a chríochnaigh a hArdteistiméireacht ansin in 2020.
‘Is mór an bhrón a scríobhaim chun a chur in iúl go bhfuair ár n-iardhalta Ella Mills bás go tragóideach i dtimpiste cadhcáil Dé Domhnaigh i Washington DC,’ a scríobh an tUasal Walsh ar shuíomh idirlín na scoile.
‘Is iar-mhac léinn í Ella i Sutton Park School.
‘Beidh aithne ag go leor agaibh ar mháthair Ella, Jo-Ann Feely, mar Chathaoirleach ar ár mBord Bainistíochta. Tá ár gcroíthe briste do Jo-Ann, Ralph agus bheirt “siblings” Ella, Isabel agus Leo, atá sa Dara Bliain.
‘Is am fíor thragóideach é seo. Teipeann focail orainn go léir. Gabhaimid ár gcomhbhrón agus ár smaointe le teaghlach Ella agus lena grúpa mór cairde. Suaimhneas síoraí di.'
Dúirt Coláiste na Tríonóide go bhfuil brón orthu as caillteanas tragóideach Ella Mills, mac léinn sa Léann Béarla.
I ráiteas dúirt an coláiste: ‘Bhí Ella ag staidéar in Ollscoil Columbia mar chuid de dhá chlár BA le Coláiste na Tríonóide. Tá a teaghlach, a cairde agus a comhscoláirí inár n-intinn ag an am deacair seo. Ar dheis Dé go raibh a h-anam.’
D’fhógair Déan Staidéir Ghinearálta Columbia, Lisa Rosen-Metsch, an nuacht i ríomhphost chuig pobal an choláiste inné.
‘Bhí grá ag Ella don fhoghlaim, bhí sí fiosrach go hintleachtúil, agus paiseanta faoin litríocht – fonn uirthi dul i dtaithí ar bhealaí nua chun breathnú ar an litríocht agus féachaint ar an saol mar scoláire liteartha,’ a scríobh sí.
‘Bhí sí ina ball gníomhach de phobal Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath mar chuid de chumann drámaíochta Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, na DU Players, Club Leadóige Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus an Philosophical Society, i measc go leor eile.
‘Tá ár smaointe agus ár gcomhbhá lena tuismitheoirí, a deartháir agus a deirfiúr grámhar ag an am an-deacair seo.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.