Is cosúil go bhfuil cinneadh tobann déanta ag Cainteoir Teach na nIonadaithe (Speaker of the House of Representatives) Kevin McCarthy chun fiosrúchán táinseamh (impeachment inquiry) a sheoladh ar Uachtarán na Stáit Aontaithe Joe Biden.
Tagann sé seo tar éis fiú na Poblachtánaigh is drogallaí (reluctant) a mhealladh chun tacú leis an iniúcadh (investigation).
Tá roinnt baill den pairtí ag iarraidh brú ar aghaidh leis go sciopaí, ach tá daoine eile sa phairtí ag súil go leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 2024: bliain na toghcána.
D’oscail agus dhún úrlabhraí McCarthy cruinniú príobháideach Dé Céadaoin de Phoblachtánaigh i dTeach na nIonadaithe ag tabhairt údar (justifying) don fhiosrúchán a d’iarr an t-iar Uachtarán Donald Trump air, an té a bhfeictear a bheidh mar ionadaí an pháirtí chun dúshlán a thabhairt do Biden an bhliain seo chugainn san olltoghcáin, de réir na pobalbreitheanna (polls) ar fad.
Tá an Teach Bán chun troid i gcoinne na líomhaintí ‘gan bhunús’ i gcoinne an uachtarán maidir lena mhac, Hunter, agus airgeadas an teaghlaigh.
San fhiosrúchán, tá Poblachtánaigh an Tí ag iarraidh Biden a nascadh le gnó a mhic, Hunter Biden, agus aird a bhaint ó na fadhbanna dlíthiúila atá ag Trump é féin agus an cosúlacht go mbeidh an beirt fhear ag troid don Teach Bán an bhliain seo chugainn.
Ach rinneadh cine gan an fiosrúchán a chur ós comhair an teach i bhfoirm vóta.
Gan vóta ar bith chun an fiosrúchán a sheoladh, tá an fiosrúchán táinseamh á dhéanamh gan bunrialacha foirmiúla an Tí.
Ligeann sé sin do Phoblachtánaigh an t-imscrúdú a dhéanamh ar bhealaí a deir na Daonlathaithe nach mbíonn i gcónaí trédhearcach, ag scaoileadh ach píosaí éagsúla faoin bhfiosrúcháin go poiblí.
Níor fhreagair Biden ceisteanna a scairteadh air faoin táinseach le linn imeacht ar thaighde ailse sa Teach Bán.
‘Níl aon fhianaise faighte acu,’ a dúirt Rúnaí Preasa an Teach Bán Karine Jean-Pierre. ‘Is beart bolscaireachta, polaitiúil é seo.’
Is léir go bhfuil brú ag teacht ar an t-uasal McCarthy ó ghrúpa bheag ar an eite dheis dá phairtí i dTeach na nIonadaithe, agus iad ag lorg díoltas (revenge) ar phairtí na Daonlathaigh faoin méid atá ag titim amach sna cúirteanna faoi láthair le Donald Trump.
Creideann an ghrúpa sin, faoi cheannaireacht Matt Gaetz, ionadaí sa Teach do Florida, gurb iad na Daonlathaigh atá taobh thiar de na cásanna sin ina choinne.
Agus is léir go bhfuileadar ag iarraidh an díoltas sin a fháil sula dtosnaíonn an olltoghcáin i 2024, ag súil go mbeadh tionchar aige sin ar feachtas Biden.
‘Tá súil agam gur féidir linn é a fháil tríd chomh tapa agus is féidir,’ a dúirt an tIonadaí James Comer, ionadaí do Kentucky agus cathaoirleach ar an gCoiste Maoirseachta atá i gceannas ar an bhfiosrúchán táinseamh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.