Is ‘masla’ iad moltaí leasuithe (reforms) RTÉ a deir Airí

11/09/2023

‘Níl siad dáiríre,’ a deir na hAirí atá ar buile le RTÉ faoi na leasuithe atá molta agus tacaíocht an Rialtais ag teastáil uathu

Tá moltaí RTÉ maidir le hathrú – agus iad ag lorg €55 milliún ón Rialtas – ina ‘masla’ a deir Aire.

Tá athruithe móra á n-éileamh ag na hAirí i ndiaidh an scannal íocaíochtaí ach níl ach Clár Leasa (Register of Interests) á thairiscint ag RTÉ d’oibrithe ar phá níos airde agus geallann siad nach mbainfidh siad mí-úsáid as an gcuntas babhtála (barter account).

Baineadh úsáid as an gcuntas babhtála chun ticéid eisiacha (exclusive) spóirt agus ceolchoirme a fháil agus béilí daora i mbialainne a cheannach.

Kevin Bakhurst ag RTÉ
Kevin Bakhurst ag RTÉ

Mar sin féin, tá na hAirí ag iarraidh leasuithe forleathana a fheiceáil lena n-áirítear:

Scéim iomarcaíochta (redundancy) do dhaoine ar phá ard;

laghduithe pá forleathan:

agus talún RTÉ i gcampas Mhontròis a dhíol.

Chuir an tAire Meán Catherine Martin moltaí eatramhacha (interim) RTÉ faoi bhráid na Comh-Aireachta (Cabinet) an tseachtain seo caite tar éis cainteanna leis an Ard-Stiúrthóir Kevin Bakhurst.

Dhiúltaigh roinnt Airí go feargach na moltaí, áfach, agus chuir duine amháin síos orthu mar ‘masla’.

Chuir Aire eile in iúl go raibh imní mhór faoi Ms Martin féin as moltaí ‘ar léir nach bhfuil siad inghlactha’ a chur os comhair na Comh-Aireachta’.

Catherine Martin
Catherine Martin

Dúirt an tAire sin go raibh an Comh-Aireacht go láidir in aghaidh na moltaí atá ag RTÉ go dtí seo.

Dúirt Aire amháin: ‘Tá siad ag cur i láthair an méid atá á dhéanamh acu mar leasuithe, nuair is cheart go mbeadh siad sin á dhéanamh acu ar an gcéad dul síos. Tá folús (vacuum) iomlán thart ar an áit anois.’

Duirt Aire eile: ‘D’aontaigh beagnach gach duine againn, ach amháin Ms Martin le sin is dócha.

‘Ba é an mothú a bhí againn ná go bhfuil roinnt míonna caite acu, an samhradh ar fad, ach is cinnte nach bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil siad ag glacadh leis seo i ndáiríre.’

Tá na hAirí ag éileamh freisin ar RTÉ go mbeadh scoilt idir na craolacháin seirbhíse poiblí agus na craolacháin tráchtála.

Dúirt Áire amháin, a bheidh lárnach sa chinneadh faoi RTÉ:

‘Is féidir leis an Stát íoc as craolachán seirbhíse poiblí. Más mian leo leanúint ar aghaidh le breis cláracha tráchtála is féidir leo é sin a mhaoiniú tríd an sruth tráchtála iomlán.’

Tá RTÉ gafa i ngéarchéim mhaoinithe (funding crisis) mar gheall ar an scannal faoi íocaíochtaí le Ryan Tubridy.

Ag labhairt di i ndiaidh chruinniú Comh-Aireachta na seachtaine seo caite, in Avondale, Co. Chill Mhantáin, dheimhnigh Ms Martin go bhfuil €34.5 milliún de mhaoiniú breise á lorg ag an stáisiún.

Leo Varadkar
Leo Varadkar

Tá sé seo sa bhreis ar an easnamh de €21 milliún sa táille ceadúnais (licence fee) i mbliana tar éis an scannal.

Dúirt Aire amháin, go bhfuil ‘clár iomarcaíochta (redundancy)’ ag teastáil d’fhostaithe RTÉ ar phá ard ach go mbeadh sé ‘éagórach brú a chur ar na daoine is ísle’.

Thug an Taoiseach Leo Varadkar rabhadh an tseachtain seo caite go mbeadh ar an Rialtas straitéis agus plean nua a fheiceáil don chraoltóir sula bhféadfaidh siad maoiniú breise a cheadú.

Dúirt Aire eile: ‘Má labhraíonn tú le haon duine a dhéanann cinntí ar chúrsaí airgeadais sa Chomh-Aireacht – Leo Varadkar, Michael McGrath, Paschal Donohoe – níl aon dóchas go bhfaighidh RTÉ pingin sa bhreis go dtí go dtiocfaidh siad ar leasuithe réasúnta.’

Tá formhór na n-airí sinsearacha ag iarraidh go ndéanfaí an craoltóir Stáit a roinnt idir a oibríochtaí seirbhíse poiblí agus tráchtála.

Dúirt Aire: ‘Ba mhaith linn sainmhíniú soiléir maidir le cad is craolachán seirbhíse poiblí ann. Chuaigh Kevin Bakhurst isteach chun bualadh le Ms Martin agus dúirt sé go raibh gach rud mar chuid de chraoladh seirbhíse poiblí.

‘Ní dóigh liom go bhfuil an tuairim sin ag an Rialtas. Ní craoladh seirbhíse poiblí é nuair a cuirtear “sitcoms” Meiriceánacha ar siúl um thráthnóna, nó pé rud a thaispeánann siad an uair sin.’

Mar fhreagra ar cheisteanna roimhe seo, ar straitéis fhadtéarmach an Uasail Bakhurst, dúirt urlabhraí: ‘Tá raon tionscnamh tugtha isteach cheana féin ag RTÉ atá dírithe ar mhuinín in RTÉ a athbhunú agus tá sé ina ábhar do roinnt athbhreithnithe a coimisiúnaíodh ag an Aire Martin.

‘Tá RTÉ dírithe go fóill ar raon athruithe tábhachtacha a chur i gcrích ar fheidhmiú agus ar chultúr na heagraíochta seo mar chuid den obair riachtanach chun muinín in RTÉ a athbhunú.’


Faigh scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram