‘1,200 suicide kits seolta chuig 40 tír’ lena n-áirítear Éire

01/09/2023

Tá 14 chúiseamh anois ag Kenneth Law i gCeanada faoi ‘suicide kits’, tar éis dó a admháil le tuairisceoir faoi cheilt go bhfuair go leor daoine bás

Creidtear anois gur sheol fear ó Cheanada 1,200 ‘fearais féinmharaithe (suicide kits)’ chuig 40 tír.

Sin a dúirt póilíní agus iad ag leagan dosaen cúiseamh nua in imscrúdú mór faoi na fearais a dhíol le daoine atá i mbaol féinmharaithe.

Gardai ag fiosrú faoi 'suicide kits'
Gardai ag fiosrú faoi ‘suicide kits’

Tuairiscíodh cheana go bhfuil sé ráite ag póilíní Cheanada le Gardaí go bhféadfadh 12 phacáiste a bheith seolta go hÉirinn – agus tá gardaí ag fiosrú trí bhás a bhféadfadh baint a bheith acu leo.

Tá an cócaire (chef) Ceanadach Kenneth Law – ar a dtugtar ‘díoltóir nimhe ar líne’ – cúisithe cheana féin as na fearais a sholáthar do dhaoine ar fud an domhain.

Agus thug póilíní rabhadh don phobal faire amach

Triúr marbh in imscrúdú
faoi ‘suicide kits’: Léigh
tuilleadh faoin scéal seo.
Clic
ANSEO

do phacáistí ar a bhfuil ainmneacha Imtime Cuisine, AmbuCA, Academic/ACademic, Escape Mode/escMode ags ICemac orthu.

In Éirinn tá Gardaí ag fiosrú nítrít sóidiam a tháinig ó Cheanada. Nuair a rinne siad seiceálacha ag seoltaí fuair siad amach go bhfuair triúr bás.

Kenneth law
Kenneth Law

I mí Aibreáin, chuaigh údaráis Cheanada i dteagmháil leis na gardaí chun a chur in iúl dóibh gur díoladh roinnt de na fearais le daoine in Éirinn. Tuigtear gur ceannaíodh 12 phaca ar a laghad. 

Tá Law, 57, ag tabhairt aghaidhe anois ar 12 chúiseamh nua i ndáil le básanna ar fud Ontario. Tá raon aois na n-íospartach ó 16 go 36.

Is ‘obair Dé iad fearais
marú’: Léigh tuilleadh
faoin scéal seo.
Cli
c ANSEO

Tá 14 chúiseamh os comhair an dlí i gCeanada anois, áit a ngearrann an cód coiriúil pionós ar aon duine ‘a chomhairlíonn nó a ghéilleann’ do dhuine bás a fháil trí fhéinmharú le pianbhreith suas le 14 bliana sa phríosún.

Gardai feat 768x448 1

Dúirt póilíní go gcreideann siad gur cuireadh 160 de na 1,200 pacáiste a líomhnaítear a sheol Law chuig seoltaí Cheanada, ach thug siad rabhadh go raibh an figiúr ‘approximate’.

Iar-innealtóir aeraspáis a bhí ag obair i gcistin ard-óstáin is é Law, a ghabhadh i mí na Bealtaine as dhá chomhairliú nó cuidiú le féinmharú, tar éis dó a admháil do thuairisceoir faoi cheilt go raibh ‘go leor, go leor, go leor’ daoine tar éis bháis a fháil tar éis dó na substaintí a dhíol sé ar líne a ghlacadh.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram