Tá gardaí ag fiosrú ‘fearais féinmharaithe (suicide kits)’ ó Cheanada a tháinig chuig daoine in Éirinn.
Rinne siad seiceálacha ag seoltaí faighteora agus fuair siad amach go bhfuair triúr bás, de réir tuairisce san Irish Daily Mail.
I mí Aibreáin na bliana seo, chuaigh údaráis Cheanada i dteagmháil leis an nGarda Síochána chun a chur in iúl dóibh gur díoladh roinnt de na fearais le daoine in Éirinn.
Tuigtear gur ceannaíodh 12 phaca ar a laghad. Nuair a thug gardaí cuairt ar na seoltaí a raibh na fearais curtha chucu, fuair siad amach go raibh triúr marbh.
Tuigtear go raibh tinnis a theorannú saoil (life-limiting) nó tinneas foirceanta (terminal) ar chuid acu siúd a cheannaigh na fearais seo in Éirinn.
Tá an cócaire (chef) Ceanadach Kenneth Law – ar a dtugtar ‘díoltóir nimhe ar líne’ – cúisithe cheana féin as na fearais a sholáthar do dhaoine ar fud an domhain mar chuid d’imscrúdú coiriúil leanúnach.
Gabhadh Law, 57, ina bhaile dúchais Ontario agus cúisíodh é as dhá chomhairliúchán (counselling) agus cuidiú le féinmharú tar éis a líomhnaítear gur dhíol sé 1,200 pacáiste I 40 tír trí shuíomhanna gréasáin faoi cheilt.
Dúirt foinse a raibh aithne aige ar an bhfiosrúchán leis an Irish Daily Mail: ‘Fuair Gardaí tip agus cuireadh amach iad chuig áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Fuair triúr bás go tobann.
‘Níor cheangail siad na básanna seo go díreach leis na fearais go fóill, ach tá na himscrúduithe fós á ndéanamh.’
Dúirt an fhoinse go bhfuil ceimiceáin áirithe sna fearais atá dleathach anseo’, ach dúirt sé go mbeadh ‘treoracha faighte acu maidir le conas na táirgí seo a úsáid i gcásanna áirithe’.
‘Bhí an chuideachta seo ag díol le daoine ar fud an domhain trí shuíomhanna gréasáin faoi cheilt,’ a dúirt siad.
‘Bhí cúpla cás sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe chomh maith le Ceanada féin. Gabhadh fear thall ansin agus tá cúisimh le sárú aige freisin. Bhí sé seo á ghlacadh an-dáiríre ag gardaí.’
Cé nach bhfuil aon imscrúdú coiriúil ar siúl maidir le díol na bhfearas seo anseo, tá oifigigh ag cabhrú anois le comhaid a ullmhú don chróinéir maidir leis na básanna tobanna anseo.
Tá an gníomhaí ceart bás a fháil, Michael Nugent, ag brústocaireacht ar Rialtas na hÉireann chun reachtaíocht a cheadaíonn féinmharú cuidithe a thabhairt ar aghaidh anseo.
Dúirt an tUasal Nugent go mb’fhéidir nach mbaintear úsáid cheart as ‘trealamh féinmharaithe’, agus uaireanta go bhféadann siad coinníollacha ‘uafásacha’ cheana féin a dhéanamh níos measa fós.
Dúirt sé: ‘Níl aon dabht ach go bhfuil daoine fós ag déanamh é [ag fáil bháis trí fhéinmharú cuidithe] ach leis na dlíthe mar atá siad, tá daoine ag glacadh rioscaí.
‘Tá sé contúirteach na hullmhúcháin sin a dhéanamh gan fios a bheith agat cad atá á dhéanamh agat.’
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.