Tar éis laethanta saoire an tsamhraidh beidh imní ar leanaí agus iad ag dul ar ais ar scoil – ach is féidir le .tuismitheoirí a strus a mhaolú
Bhí seisiúin chomhairleoireachta (counselling sessions) ag 7,772 daoine faoi imní scoile anuraidh, le méadú mór ar ghlaonna díreach roimh thús na scoilbhliana nua.
Dúirt stiúrthóir Childline Shaun Friel: ‘Tá a fhios againn gur féidir le roinnt leanaí a bheith buartha faoi dhul ar ais ar scoil, go háirithe tar éis dóibh go leor ama a chaitheamh as an seomra ranga mar gheall ar shaoire an tsamhraidh.’
Dúirt sé go mothaíonn páistí áirithe buartha faoi chairde a dhéanamh, faoi dul amú, nó níos mó obair scoile ar scoil nua, agus go bhféadfadh imní a bheith ag cuid eile faoi fhilleadh ar a scoil mar gheall ar fhadhbanna cairdis, faitíos faoi scrúduithe atá le teacht, nó bulaíocht.
Mar sin féin tá Friel tar éis comhairle a thabhairt do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí a rá le leanaí gur gnáth an rud é go leor dá n-imní agus nach bhfuil siad ina n-aonar. Cuireann Childline comhairle ar fáil ó chomhairleoirí oilte 24/7 ar an nguthán agus ar líne.
Deir Friel freisin go bhfuil go leor rudaí ar féidir le tuismitheoirí agus leanaí araon a dhéanamh chun imní a mhaolú. Áirítear leo:
Sula dtosaíonn an scoil iarr ar na páistí scríobh amach gach rud a bhfuil siad ag tnúth leis ar scoil, agus gach rud a bhfuil imní orthu futhu. Iarr orthu an liosta a thaispeáint duit ionas gur féidir leat cabhrú leo déileáil lena n-imní agus an taobh dearfach a thaispeáint dóibh.
Má tá imní ar do leanbh tóg am le héisteacht lena bhfuil á rá acu sula dtugann tú comhairle nó do thuairim. Déan iarracht an méid a dúirt siad a athrá le cinntiú go dtuigeann tú a gcuid mothúchán i gceart – cabhróidh sé seo leo a mhothú go bhfuiltear ag éisteacht leo agus ag tacú leo sa bhaile.
Má insíonn do leanbh duit faoina n-imní déan iarracht labhairt leo faoi réitigh phraiticiúla, a deir Friel. Mar shampla, má tá imní orthu faoin méid obair bhaile a bheidh acu, d’fhéadfá plé a dhéanamh ar conas é seo a bhriseadh síos. Iarr orthu labhairt leat féin nó lena múinteoir má tá siad faoi bhrú.
Beidh gnáthamh (routine) iomlán difriúil i gceist le bheith ar ais ar scoil, agus tá sé tábhachtach a thuiscint go bhféadfadh go dtógfaidh sé tamall dul i dtaithí air.
Nuair a bhíonn na páistí ar ais ar scoil déan rud éigin a thaitníonn leo a dhéanamh gach lá, ar nós am a chaitheamh sa tráthnóna le cairde, ag léamh leabhar nó ag caitheamh ama lena ndeartháir agus deirfiúracha.
‘Má tá duine óg ag streachailt roimh dhul ar ais ar scoil, tá sé ríthábhachtach go spreagfar iad chun labhairt le duine fásta sábháilte faoi, a dúirt Friel. Mothóidh siad nach bhfuil siad ina n-aonar agus gheobhaidh siad an tacaíocht a theastaíonn uathu.
Déan iarracht iad a choinneáil gnóthach ag déanamh rud éigin a mbaineann siad taitneamh as, mar shampla ag imirt peile nó ag éisteacht le ceol. D’fhéadfadh sé seo iad a tharraingt óna n-imní, ar a laghad ar feadh tamaill bhig. Tá sé tábhachtach fanacht i dteagmháil le cairde agus le teaghlach.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.