Tá bád gaibhnithe (impouned) ag Gardaí mar chuid d’fhiosrúchán (investigation) ar iompar cóicín ar fiú €4 milliún é, a fuarthas amach ó chósta Dhún na nGall.
Tá siad tar éis teacht ar dhá bhala mhóra drugaí i nDún Fionnachaidh (Dunfanaghy) agus i bhFánaid (Fanad).
Ar dtús, tugadh foláireamh do Ghardaí gur thángthas ar phacáiste i mBá Bhaile Thiarnáin, Fánaid, thart ar 8.30rn maidin De Céadaoin.
Leath uair an chloig ina dhiaidh sin, thángthas ar phacáiste eile cosúil leis ag Trá Mhór, Dún Fionnachaidh.
Eagraíodh cuardach mór ar an gcósta a bhain le hAonad Aerthacaíochta an Gharda Síochána (Garda Air Support Unit) agus le hAonad Uisce an Gharda Síochána (Garda Water Unit) agus leanfar leis sna laethanta amach romhainn.
Iarradh ar úinéirí talún agus cuairteoirí ar thuaisceart Dhún na nGall ‘a bheith ag faire’ ar aon phacáiste eile.
Fuair na Gardaí an dá phacáiste, a bhfuil meáchan timpeall 60kg orthu, agus déanfaidh Forensic Science Ireland anailís ar a bhfuil iontu.
Rinneadh scrúdú teicniúil ar an dá láthair.
Ar eachtra leis féin, tá bád gaibhnithe ag Machaire Rabhartaigh (Magheraroarty) sa chontae agus cuireadh an chéibh ansin faoi shéala (sealed off) don phobal.
Tá an bád atá suite ag Cé Mhachaire Rabhartaigh cláraithe i dTuaisceart Éireann. Tuigtear gur dhíol an t-úinéir an bád le seachtainí beaga anuas agus ní raibh aon eolas ag an duine sin faoi pé rud a d’fhéadfadh a bheith ag tarlú leis an mbád.
Thángthas ar an gcéad phacáiste a fuarthas i bhFánaid ag siúlóir thart ar 8.30rn agus sna ndumhcha (sand dunes). Fuarthas an dara ceann ag trá iargúlta na Trá Móire, nach féidir teacht air ach ag siúl trasna na ndumhcha. Bhí sé ag imeall an uisce tar éis teacht i dtír.
Idir an dá linn, tá Gardaí i gCorcaigh le dul i dteagmháil le comhghleacaithe i nDún na nGall chun féachaint an dtagann drugaí, a tháinig i dtír ar an gcósta theas, ón gcoinsíneacht céanna cóicín a fuair siúlóir ar thrá in aice le Dún Fionnachaidh.
Fuair bleachtairí i gCorcaigh 2kg de chóicín arbh fhiú €180,000 é nuair a d’aimsigh baill den phobal na drugaí ar dhá ócáid ar leith – ar thrá in oirthear Chorcaí go luath i mí an Mheithimh agus ar thrá in aice le cathair Chorcaí, timpeall seachtain ina dhiaidh sin.
Dúirt foinse Garda go raibh imscrúdaitheoirí sásta gur as an gcoinsíneacht chéanna drugaí a tharla an dá urghabháil i gCorcaigh, a bhí níos mó ná 30km óna chéile, de réir tuairisc san Irish Times.
Ach bhí siad ag coinneáil aigne oscailte freisin an bhféadfadh siad a bheith nasctha leis an urghabháil ollmhór in iarthuaisceart Dhún na nGall.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.