Tá amhras faoi thodhchaí Ryan Tubridy le RTÉ agus é ag ullmhú, lena ghníomhaire Noel Kelly, le haghaidh cheistiú ag Teachtaí Dála agus seanadóirí.
Theip ar Ardstiúrthóir nua RTÉ, Kevin Bakhurst, a thacaíocht phoiblí a thabhairt do Tubridy.
Dúirt an tUasal Bakhurst nach bhfuil sé cinnte an bhfillfidh Tubridy ar RTÉ.
Bhí Tubridy fós ag cur a chlár raidió i láthair tar éis dó éirí as The Late Late Show tar éis 14 bliana.
Dúirt an tUasal Bakhurst freisin go bhfuil difríocht idir Tubridy agus Marty Morrissey.
Dúirt sé nach raibh aon chailleadh ag RTÉ sa mhéid a rinne Marty, chomh fada agus is eol dó.
Dúirt sé gur dlúthchara é Marty leis agus mar sin ní bheidh sé páirteach in aon fhiosrú ar an láithreoir CLG (GAA presenter).
Tá Tubridy as an aer ó nochtadh an mhí seo caite gur íoc RTÉ €345,000 níos mó leis ná mar a dúradh leis an bpobal idir 2017 agus 2022, le roinnt íocaíochtaí trí chuntas babhtála (barter account).
Bhí an chuma ar an scéal go mbeidh tionchar suntasach ag láithriú Tubridy ag Coistí Oireachtais ar a thodhchaí le RTÉ.
Beidh Tubridy agus Kelly os comhair dhá éisteacht de chuid an Choiste Oireachtais – an Coiste um Chuntais Phoiblí agus na Meáin Chumarsáide – le haghaidh lá dianscrúdaithe.
‘Sílim go gcaithfimid a fheiceáil conas mar a imríonn an tseachtain seo agus ní mór dom labhairt le mo chomhghleacaithe faoi sin agus sílim go mbeidh orainn cinneadh a dhéanamh sna seachtainí atá romhainn faoi sin,’ a dúirt an tUasal Bakhurst.
Dúirt sé go bhfuil Tubridy fós á íoc ag RTÉ.
Dúirt an Taoiseach gur mian leis an Rialtas go ndéanfadh an tUasal Bakhurst athruithe ar an mbord agus go mbunófaí clár leasanna.
Tá Bakhurst tar éis a fhoireann eatramhach ceannaireachta a fhógairt freisin, tar éis dó an Bord Feidhmeannachta a scor.
Le Bakhurst féin seo iad na daoine a bhí ann cheana agus atá fos ann: Eimear Cusack, Stiúrthóir, Acmhainní Daonna RTÉ. Deirdre McCarthy, Stiúrthóir, Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ, Richard Waghorn, Stiúrthóir, Oibríochtaí agus Teicneolaíocht RTÉ; Paula Mullooly, Stiúthóir, Cúrsaí Dlí RTÉ; Adrian Lynch, Stiúrthóír, Lucht Féachana, Cainéil, Margaíocht agus Leas-Ardstiúrthóir Feidhmeach.
Agus tá ceathrar baill nua: Vivienne Flood, Ceann Chúrsaí Poiblí RTÉ; Mike Fives, Grúp-Rialtóir Airgeadais, RTÉ; Niamh O’Connor, Leas-Stiúthóír Ábhair; Conor Mullen, Ceann Staitéise agus Comhlíonta Tráchtála, Díolacháin Meáin RTÉ.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.