Láithreoir cáiliúil an BBC curtha ar fionraí (suspended) tar éis líomhaintí gur íoc sé déagóir as ‘explicit images’

Líomhnaíodh (It is alleged) gur íoc an láithreoir fireann ón BBC breis agus €40,000 leis an déagóir ó 2020 i leith.

Tá láithreoir fireannc áiliúil curtha ar fionraí ag an BBC faoi líomhaintí gur íoc sé déagóir as íomhánna gnéasacha follasach (sexually explicit images),

Dúirt an BBC ar Dé Domhnaigh: ‘Tháinig an BBC ar an eolas faoi ghearán den chéad uair i mí Bealtaine.

‘Cuireadh líomhaintí nua os ár gcomhair Déardaoin de chineál eile; agus i dteannta lenár bhfiosrúchán (inquiries) féin bhíomar i dteagmháil freisin le húdaráis sheachtracha (external authorities), de réir ár bprótacail.

‘Is féidir linn a dheimhniú (confirm) freisin go bhfuil ball foirne fireann curtha ar fionraí.

BBC
BBC

‘Táimid ag súil go mbeimid in ann nuashonrú (update) breise a sholáthar sna laethanta amach romhainn de réir mar a leanann an próiseas ar aghaidh.’

Líomhnaítear gur iarr an láithreoir, nach bhfuil ainmnithe, ar íomhánna den chéad uair ón déagóir nuair a bhí an duine 17 mbliana d’aois agus go bhfuil roinnt íocaíochtaí déanta aige thar na blianta, de réir The Sun.

Dúirt The Sun go raibh gearán déanta ag an teaghlach ar an 19 Bealtaine agus go bhfuil an BBC tar éis an réalta a bhaint den aer anois.

Níl aon duine i gceist ainmnithe.

Dúirt máthair an déagóra, atá 20 bliain d’aois anois, leis The Sun go raibh sí ‘shocked’ tar éis pictiúr den fhear ina shuí ina chuid fo-éadaí a fheiceáil, a tógadh as ‘video call’ idir an bheirt.

Dúirt sí freisin go bhfaca sí ráitis chuntais bhainc a thaispeánann íocaíochtaí de níos mó ná £35,000 (€40,000), lena n-áirítear suim amháin de £5,000.

Dúirt sí gur iarr an láithreoir ar ‘léirithe’ agus gur bhain an déagóir úsáid as an airgead chun andúil (addiction) ‘crack cocaine’  a mhaoiniú, rud a scrios a shaol.

‘Ba bhreá liom é a fheiceáil ar an teilifís. Bhí ionadh orm pictiúr de a fheiceáil ina shuí ar tolg ina theach ina fho-éadaí,’ a dúirt sí le The Sun.

‘Níl uaim ach go stopfadh an fear seo ag íoc mo pháiste as pictiúir gnéis agus stop a chur leis nós drugaí mo linbh a mhaoiniú.’

Tá líomhaintí á ndéanamh ag daoine éagsúla ar na meáin shóisialta faoi cé hé an duine, dar leo, agus tá go leor daoine éagsúla á n-ainmniú acu. Mar sin féin, níl anseo ach tuairimíocht.


Scaip an scéal/Spread the word

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram