Tá amhras faoi chamchuairt beartaithe Madonna tar éis di dul isteach in aonad dianchúraim (intenseive care unit).
Bhí ionfhabhtú baictéarach tromchúiseach (serious bacterial infection) aici agus tá sí fós faoi chúram leighis.
Fuarthas an t-amhránaí, atá 64 bliain d’aois, í neamhfhreagrach (unresponsive) ag an deireadh seachtaine agus tá roinnt laethanta caite aige san ICU i Nua-Eabhrac.
Táthar ag súil go dtiocfaidh sí slán as ach tá tús a chamchuairt, The Celebration, curtha ar ceal aici.
Dhearbhaigh bainisteoir Madonna Guy O’Seary an nuacht i bpost Instagram a dúirt go raibh an réalta fós ‘faoi chúram leighis’.
Bhí an chamchuairt le tosú i Vancouver, Ceanada, ar an 15 Iúil.
Ach dúirt an O’Seary: ‘Ar an Satharn, 24 Meitheamh, d’fhorbair Madonna ionfhabhtú baictéarach tromchúiseach a d’fhág gur fhan sí cúpla lá san ICU.
‘Tá a sláinte ag dul i bhfeabhas, ach tá sí fós faoi chúram leighis. Táthar ag súil le téarnamh (recovery) iomlán.
‘Ag an tráth seo beidh orainn gach gealltanas a chur ar sos, lena n-áirítear an chamhchuairt.
‘Roinnfimid tuilleadh sonraí libh chomh luath agus a bheidh siad againn, lena n-áirítear dáta tosaithe nua don chamchuairt agus do sheónna athsceidealta.’
Bhí a hiníon Lourdes Leon taobh Le Madonna uair a bhí sí tinn.
Dúirt foinse: ‘Tá sí as an ICU agus ag téarnamh.’
Bhí sé i gceist go mbeadh Madonna: The Celebration Tour ag dul ón 15 Iúil i mbliana go dtí an 30 Eanáir seo chugainn agus go mbeadh 84 seó ann i 25 cathair san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh.
Bhí an post Instagram deireanach ag an amhránaí ar 20 Meitheamh, ceithre lá roimh uirthi dul isteach san ospidéal, agus thaispeáin sé í ag cleachtadh don chamchuairt agus ag rá: ‘An ciúnas roimh an stoirm.’
Bhí sé mar aidhm aici 40 bliain óna chéad amhrán rathúil, Holiday, a cheiliúradh.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.