Dúradh le Coiste na gCuntas Poiblí (PAC) go raibh ‘caiteachas ar nós Las Vegas’ ar chomhlachtaí tráchtála le ‘slush fund’ le haghaidh siamsaíochta lena n-áirítear rugbaí Corn an Domhain agus sacar idirnáisiúnta.
D’admhaigh duine de na feidhmeannaigh os comhair an choiste fiú gur bhain sí leas as na himeachtaí cliant seo agus uaireanta thug sí a fear céile chuig an tsiamsaíocht.
Dúirt duine eile nach raibh sé cinnte cad é a thuarastal féin ach dúirt ina dhiaidh sin go raibh sé ‘thart ar’ €200,000, chomh maith le liúntas cairr de €25,000.
Bhí sceitimíní i seomra coiste an Oireachtais nuair a tugadh le fios gur caitheadh €1.2 milliún tríd an gcuntas babhtála chun ‘caidrimh a thógáil’ le cliaint tráchtála ar chostas na gcáiníocóirí.
Ba é seo an cuntas babhtála céanna a úsáideadh chun íocaíochtaí breise a thabhairt do Ryan Tubridy, anuas ar a phá a dúradh leis an bpobal.
Dúirt príomhoifigeach airgeadais RTÉ, Richard Collins, gur caitheadh €111,000 ar thaisteal agus ar óstáin chun cliaint a thabhairt chuig Corn Rugbaí an Domhain i 2019.
Dúirt sé gur ceannaíodh ticéid IRFU 10 mbliana ar chostas €138,000 tríd an gcuntas babhtála agus go raibh costais maidir le cluiche ceannais Shraith na Seaimpíní (Champions League final) in 2019 arbh fhiú €26,000 san iomlán iad.
Dúirt Cathaoirleach bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh, go raibh an caiteachas seo ‘outrageous’.
Agus dúirt iar-chathaoirleach bhord RTÉ, Moya Doherty, le linn na hocht mbliana a bhí sise i gceannas ar an mbord nach raibh sí ar an eolas faoin ‘slush fund’ as ar tháinig na ‘híocaíochtaí “clandestine”’ seo.
Thug Ms Ní Raghallaigh le fios go bhfoilseofar pá feidhmeannaigh RTÉ – agus b’fhéidir an 100 saothraí is mó (top earners) atá ag RTÉ – a luaithe agus is féidir.
Tháinig brú ar stiúrthóir tráchtála RTÉ, Geraldine O’Leary, nuair a tugadh le fios gur bhain sí leas as na himeachtaí cliant seo agus uaireanta thug sí a fear céile chuig siamsaíocht na gcliant.
Dúirt Ms O’Leary go bhfuil ‘ionadaíocht na gcliant mar chuid lárnach den obair a dhéanaimid’, agus í ag cur in iúl gur eagraigh sí na turais chuig ceolchoirmeacha ardphróifíle i bPáirc an Chrócaigh, agus dheimhnigh sí gur fhreastail sí ar imeacht ag an K Club.
Dúirt an TD James O’Connor go raibh an chuma ar an scéal go raibh ‘cultúr ar nós Las Vegas, cultúr an Tíogair Cheiltigh’ ann maidir leis an gcaoi ar úsáideadh an cuntas babhtála.
Cuireadh brú ar an Oifigeach Airgeadais, an tUasal Collins, a thuarastal féin a nochtadh, ach ar dtús dúirt sé nach raibh sé cinnte faoin bhfigiúr cruinn.
Thug sé le fios sa deireadh go raibh sé ‘thart ar’ €200,000 le liúntas cairr de €25,000 ina theannta sin.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.