Tá an tAire Cumarsáide Catherine Martin le bualadh le cathaoirleach RTÉ, Siún Ní Raghallaigh, mar gheall ar na híocaíochtaí le Ryan Tubridy.
Dúirt Iníon Martin go raibh sí 'thar a bheith buartha'. Beidh an cruinniú ar siúl Dé Luain.
Íocadh €345,000 níos mó leis an láithreoir thar sé bliana ná mar a foilsíodh.
Agus tháinig sé chun solais oíche Déardaoin nach mbeidh Tubridy ar an raidió maidin Dé hAoine lena seó a dhéanamh.
De ghnáth bíonn an clár Ryan Tubridy le craoladh ar RTÉ Raidió 1 ó 9am go 10rn ó Luan go hAoine.
D'admhaigh RTÉ go raibh ‘sárú tromchúiseach muiníne (serious breach of trust) i gceist.
Dúirt Tubridy nach féidir leis a rá cén fáth ar chaith RTÉ ‘leis na híocaíochtaí seo ar an mbealach a rinne siad’.
Dúirt sé: ‘Is ceist í seo do RTÉ agus níl aon bhaint agamsa le láimhseáil chuntasaíochta inmheánach RTÉ ná le dearbhuithe poiblí RTÉ maidir le híocaíochtaí dá leithéid.’
Tá sé tugtha le fios ag an Aire go bhfuil ‘an-imní’ uirthi maidir leis na híocaíochtaí neamhthuairiscithe leis an iar-láithreoir Late Late Show.
D’admhaigh ráiteas ó bhord an chraoltóra náisiúnta do shraith íocaíochtaí folaithe (hidden) a rinneadh leis an iar-láithreoir Late Late Show idir 2017 agus 2022.
Bhí íocaíochtaí breise €345,000 leis thar sé bliana gan tuairisc.
Dúradh sa ráiteas faoi chomhaontú a bhí frithgheallta (underwritten) ag RTÉ go raibh ráthaíocht €75,000 breise ag an óstach ón gcomhpháirtí tráchtála, rud a fuair sé in 2020 mar mhalairt ar roinnt láithreas pearsanta.
Ní dhearna an comhpháirtí tráchtála an comhaontú a athnuachan don dara bliain, áfach, rud a chiallaigh go ndearna RTÉ íocaíochtaí breise faoin margadh.
Luaigh miondealú (breakdown) ar na híocaíochtaí a d’eisigh an Bord go raibh íocaíocht do Tubridy €75,000 níos mó ná mar a dúradh go poiblí anuraidh agus I 2021.
Bhí €56,000 níos airde ná mar a nochtadh in 2020, €50,000 níos airde ná mar a dúradh go poiblí in 2019 agus 2018, agus €20,000 níos airde in 2017.
Dúirt cathaoirleach bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh, nach bhfuil aon bhaint ag imeacht Tubridy as an Late Late Show, a fógraíodh i mí an Mhárta na bliana seo, agus an cheist seo.
Dúirt comhlacht bainistíochta Tubridy, NK Management, gurb ar RTÉ amháin atá an fhreagracht as an gceist seo.
Dúirt siad: ‘Níl aon cheist ar bith maidir leis na híocaíochtaí a bheith dlite go cuí agus go dleathach agus níl aon mholadh maidir le haon éagóir ar thaobh Ryan Tubridy nó NK Management.’
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.