Chuala tarrthóirí a bhí sa tóir ar an bhfo-mhionsaothar (mini-sub) in aice le longbhriseadh (wreck) an Titanic fuaimeanna plab (banging noises) in aice leis an gceantar ina ndeachaigh an Titan ar iarraidh.
Roinneadh na fuaimeanna faoi uisce a d'aimsigh eitleán ó Cheanada le saineolaithe Cabhlach (navy experts) na Stáit Aontaithe le haghaidh anailíse.
Agus tá ráiteas dóchasach eisithe ag Richard Garriott, uachtarán an Explorers Club, ar mhisean tarrthála (rescue mission) an Titan: Tá cúis dóchais ann, bunaithe ar shonraí ón bpáirc – tuigimid gur braitheadh comharthaí saoil (signs of life) dóchúla ar an suíomh.
Creidimid go bhfuil Garda Cósta SAM ag déanamh gach is féidir leis na hacmhainní go léir atá acu.
Tá an chuardach le haghaidh cúigear atá ag taisteal síos go dtí an Titanic sa fomhuireán beag bídeach (mini-submarine), Titan, ar siúl I gcónaí.
Ceaptar go bhfuil a ndóthain aer ann le maireachtáil go dtí maidin Déardaoin.
Tá an billiúnaí Briotanach (British billionaire) Hamish Harding agus ceathrar eile ar cuairt ar longbhriseadh (wreck) an Titanic atá ceithre chiliméadar faoi barr an Aigéin Atlantaigh.
Duine eile atá ar bord is ea Paul Henry Nargeolet, iar-cheannasaí cabhlach na Fraince (French navy).
In éineacht leo tá príomhfheidhmeannach agus bunaitheoir OceanGate Expeditions, Stockton Rush, chomh maith le fear gnó Pacastánach Shahzada Dawood agus a mhac, Suleman.
Bhí an tUasal Nargeolet, 77, mar chuid den chéad turas chun cuairt a thabhairt ar shuíomh an Titanic i 1987 agus bhí sé ina léachtóir ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh roimhe seo.
Creidtear freisin go bhfuil cuid dá mhuintir ina gcónaí i gCorcaigh.
Tá garmhac ag an tumadóir clúiteach (popular diver) atá fós ag fáil oideachais sa chathair, chomh maith le beirt pháistí fásta.
Bhí a mhac in éineacht leis le déanaí ar thuras taighde sna Stáit Aontaithe.
Thug sé óráid i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ar a chuid oibre ar an Titanic i mí Dheireadh Fómhair 2019, de réir an Sunday World ar líne.
Chuir an tUasal Harding, fear gnó atá bunaithe in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (United Arab Emirates) agus atá ina chathaoirleach ar Action Aviation, teachtaireacht ar Facebook Dé Sathairn, ag rá: ‘Is dócha gurb é an misean seo an chéad mhisean agus an t-aon mhisean le foireann chuig ar an Titanic in 2023.’
Tá an tUasal Dawood ina leaschathaoirleach ar Engro, ceann de na ilchuideachtaí is mó sa Phacastáin.
Chuaigh siad amach maidin Dé Domhnaigh le linn sos in aimsir uafasach.
CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Andrew Tate cúisithe as ‘rape’ agus ‘human trafficking’ chun mná a mí-úsaid
Ach uair an chloig agus 45 nóiméad isteach sa mhisean, a bhí ceaptha a bheith ann ar feadh ach ocht n-uaire a chloig, cailleadh teagmháil leo.
Bhí siad 580km amach ó chósta Thalamh an Éisc (Newfoundland), Ceanada.
Sula ndeachaigh siad, bhí an tUasal Harding, 58, ag phostáil chuig na meáin shóisialta faoi oscailt ‘fuinneog aimsire’ a ligfeadh don ghrúpa taisteal síos, tar éis ‘an geimhreadh is measa i dTalamh an Éisc le 40 bliain’.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.