Andrew Tate cúisithe as ‘rape’ agus ‘human trafficking’ chun mná a mí-úsaid

Tá Andrew Tate agus a dheartháir Tristan cúisithe sa Rómáin as éigniú (rape), gáinneáil ar dhaoine (human trafficking) agus as drong coiriúil (crime gang) a bhunú chun dúshaothrú (exploit) ar mhná.

Rinne ionchúisitheoirí (prosecutors) i mBúcairist na cúisimh i gcoinne na beirte, ar dé-shaoránaigh (dual citizens) na Breataine-Stáit Aontaithe iad, chomh maith le beirt bhan ón Rómáin.

Is iar-chic-bhornálaí (kick-boxer) é Tate, ar cuireadh cosc air ó ardáin éagsúla na meán sóisialta (social media) mar gheall ar chaint fuatha agus tuairimí míoginaíocha (misogynistic) a chur in iúl.

Fós féin bhí níos mó ná sé mhilliún leantóir Twitter aige, go leor acu fir óga agus buachaillí.

Andrew Tate agus a dheartháir Tristan
Andrew Tate agus a dheartháir Tristan

Dúirt gníomhaireacht frith-eagraithe na coireachta (anti-organised crime agency), sa Rómáin, DIICOT, gur bhunaigh an ceathrar cosantóirí grúpa coiriúil in 2021 ‘chun coir gáinneála ar dhaoine (human trafficking) a dhéanamh’ i dtír Oirthear na hEorpa agus sna Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain.

Líomhain sé gur cuireadh seachtar ban amú (misled) agus gur iompraíodh go dtí an Rómáin iad, áit a ndearnadh dúshaothrú gnéasach (sexual exploitation) orthu agus go ndearnadh foréigean fisiceach orthu.

D’éignigh cosantóir amháin íospartach líomhnaithe faoi dhó i mí an Mhárta 2022, de réir ráiteas na gníomhaireachta.

Coinníodh na deartháireacha Tate agus an bheirt a raibh amhras fúthu ón Rómáin go déanach i mí na Nollag i mBúcairist.

CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Phléadáil mac Biden ciontach i gcúiseamh cánach agus gunna

Bhuaigh na deartháireacha achomharc (appeal) ar 31 Márta chun iad a aistriú ó choimeád na bpóilíní go dtí gabháil tí (house arrest).

Deir Tate, 36, a bhfuil cónaí air sa Rómáin ó 2017 nach bhfuil aon fhianaise ag na póilíní agus líomhain sé gur comhcheilg pholaitiúil (political conspiracy) é a gcás a ceapadh chun é a chur ina thost.

Dúirt imscrúdaitheoirí gur earcaíodh na seacht n-íospartach líomhnaithe tar éis éilimh bhréagacha an ghrá, agus tógadh iad go Ilfov sa Rómáin áit ar cuireadh iallach orthu páirt a ghlacadh i pornagrafaíocht.

Líomhnaítear go raibh na mná á rialú ag ‘imeaglú (intimidation), faireachas (surveillance) seasta’ agus éilimh go raibh siad i bhfiacha, a dúirt ionchúisitheoirí.

CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Tá Taylor Swift ag teacht – agus seo an bealach le clárú le haghaidh ticéid an tseachtain seo

D’ordaigh siad coigistiú sócmhainní (confiscation of assets) ó na deartháireacha Tate lena n-áirítear 15 gluaisteán sómasach (luxury cars), uaireadóirí sómasach agus thart ar €3 milliún a bhí acu in airgead ‘cryptocurrency’.

Tá roinnt ban sa Bhreatain sa tóir ar éilimh shibhialta ar dhamáistí ó Tate, ag líomhain gur íospartaigh (victims) foréigean gnéis iad.

In agallamh le déanaí leis an BBC, shéan Tate go bhfuil sé ag scaipeadh cultúr míoginaíocha (misogynistic) nó go chuaigh sé i gcion (manipulated) ar mhná ar mhaithe le gnóthachan airgeadais.

Dúirt urlabhraí Tate, Mateea Petrescu, go bhfuil na deartháireacha sásta ‘a neamhchiontacht a léiriú agus a gcáil a chosaint’.


Spread the word/ Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram