Tá an chuid is mó de dhaoine fásta sa Tuaisceart ina ndeontóirí orgán ionchasacha (potential organ donors) anois, de réir mar a tháinig Dlí Dháithi i bhfeidhm.
Athróidh an reachtaíocht um Dheonú Orgán agus Fíocháin (Organ and Tissue Donation), atá ainmnithe in ómós do Dháithí Mac Gabhann, sé bliana d’aois, an bealach a dheonaítear toiliú.
Is é sprioc na reachtaíochta nua líon na n-orgán atá ar fáil le trasphlandú a mhéadú.
Meastar anois go bhfuil toiliú (consent) tugtha ag daoine fásta mar dheontóir orgán ionchasach tar éis a mbáis mura roghnaíonn siad tarraingt siar nó go bhfuil siad i ngrúpa eisiata.
Sa Phoblacht tá an Bille um Fhíocháin Dhaonna (Human Tissue Bill) molta ag an Rialtas ach níl sé tugtha isteach fós.
Má théann sé ar aghaidh ciallóidh sé go mbeidh do thoiliú uathoibríoch (automatic) do dheonú orgáin ach amháin má roghnaíonn tú diúltú.
Tá Dáithí Mac Gabhann, Gaeilgeoir as Béal Feirste ar an liosta feithimh do thrasphlandú croí ó 2018 i leith.
Tá a theaghlach i mbun feachtais ar son bogadh i dtreo dlí an diúltaithe bog agus chun deonú orgán a chur chun cinn.
Dúirt athair Dháithí, Máirtín, gur ‘lá ollmhór’ a bhí ann.
‘Tá an turas chun an pointe seo a bhaint amach fada agus thar barr. Rinneamar íobairtí ar an mbealach, agus bhí amanna ann nuair a mhothaigh muid gur mhaith linn éirí as.
‘Ach leanamar orainn, mar bhí a fhios againn gurbh fhiú troid ar a son.
‘Is lá ceiliúrtha é inniu. Is lá é a chuimhneoidh muid ar feadh an chuid eile dár saol.’
Dúirt an Dr Dominic Trainor, ceannaire cliniciúil um dheonú orgán sa Tuaisceart: ‘Tá sé mar aidhm ag an dlí nua an ráta toilithe a mhéadú agus, ar deireadh, líon na n-orgán tarrthála [atá] ar fáil le haghaidh trasphlandúcháin.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.