Hugh Callaghan, duine den Birmingham Six, ar shlí na fírinne

Tá Hugh Callaghan, duine den Birmingham Six, básaithe ag 93 bliain d’aois. Cuireadh i bpríosún go héagórach é sa Bhreatain as buamáil an IRA.

Bhásaigh an tUasal Callaghan in ospidéal i Londain Dé Sathairn seo caite i ndiaidh trioblóide croí.

Cuireadh príosúnacht saoil air in éineacht leis an gcúigear fear eile as na pléascanna i dtithe tábhairne Mulberry Bush and Tavern i lár Birmingham ar 21 Samhain, 1974, a mharaigh 21 duine agus a gortaíodh 182.

Buaileadh na fir agus iad faoi choimeád agus shínigh roinnt admháil bhréige.

hugh callaghan
Hugh Callaghan

Mhaígh na póilíní freisin go bhfuarthas rianta (traces) de phléascáin ar na fir, ach rinneadh míchlú ar na tástálacha sin níos déanaí.

Bhain cás Birmingham Six cáil amach mar gheall ar an tuairim ‘appalling vista’ a rinne breitheamh ón mBreatain nuair a rialaigh sé in aghaidh caingean sibhialta na bhfear in aghaidh na bpóilíní mar gheall ar an droch-chóireáil a bhí orthu faoi choimeád.

Ag diúltú a gcaingean i 1980, dúirt an breitheamh an Tiarna Denning go raibh an iarmhairt ar chóras dlí Shasana as glacadh leis go raibh na póilíní ag bréagadh a leithéid de ‘appalling vista’ go ndiúltódh gach duine ciallmhar caingean dlí eile.

Sa deireadh saoradh an seisear fear i 1991 tar éis blianta d’fheachtasaíocht ar a son.

In ainneoin a aois bhí Hugh i bhfoirm mhaith agus fuair sé bás go tobann.

Ba as Béal Feirste é Hugh Callaghan ach d’éirigh sé gníomhach in eagraíochtaí Éireannacha sa Bhreatain agus shocraigh sé in Hackney, Londain lena pháirtí Adeline Masterson.

Maireann a iníon Geraldine é.

Ba iad an cúigear ball eile den Birmingham Six; Patrick Joseph Hill, Gerard Hunter, Risteard McIlkenny, William Power agus John Walker.

Fuair an tUasal McIlkenny bás sa bhliain 2006.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram