Teaghlaigh faoi bhrú le ardú praghais nua ar árachais sláinte

Tá brú airgeadais breise á chur ar theaghlaigh leis an nuacht go bhfuil cuideachta árachais sláinte (health insurance company) eile tar éis a gcuid praghsanna a ardú.

D’fhógair Irish Life Health inné go mbeidh méadú 5% ar a cuid íocaíochtaí ó mhí Iúil i mbliana.

Agus is é seo an dara méadú de chuid na cuideachta le sé mhí anuas. Beidh an dá cheann le chéile ag cur €400 breise ar an meán billí.

Is é Irish Life Health an t-árachóir is déanaí atá ag cur leis an gcruatan airgeadais atá ag teaghlaigh, i ndiaidh do Laya agus VHI méaduithe a fhógairt níos luaithe i mbliana.

grocery
Woman checking the grocery receipt at the supermarket, she is shocked and gasping because the bill is very expensive

Tá teaghlaigh ag déileáil le costais arda cheana féin lena n-áirítear rátaí úis morgáiste ag ardú, boilsciú (inflation) grósaeireachta agus costais fuinnimh bhreise.

Ciallaíonn an t-ardú seo – de níos mó ná €200 ar an meánphlean – go mbeidh deacrachtaí ag go leor daoine dul i ngleic leis na méaduithe is déanaí seo.

Mar aon leis an ardú 4.5% a d’eisigh Irish Life Health i mí na Samhna, tá méadú €400 ar a mheánchostais anois.

Ceapain go leor teaghlach nach bhfuil an dara rogha acu ach árachas sláinte príobháideach a bheith acu, go háirithe dá leanaí, toisc go bhfuil an córas sláinte poiblí faoi bhrú ollmhór le liostaí fada feithimhn (waiting lists).

SCÉAL EILE:Réaltaí Hollywood ag glacadh druga a theastaíonn ó ‘diabetics’ in Éirinn

Bhí ardú praghsanna an VHI at 4.8% ar an meán ag 1 Márta agus bhí ardú 4.4% ag Laya ar 1 Aibreán. Chiallaigh sé seo go raibh arduithe thart ar €150 go €200 ann.

Tá foláireamh tugtha ag urlabhraí sláinte Shinn Féin David Cullinane go gcuirfidh sé seo brú breise ar theaghlaigh agus freisin ar an gcóras sláinte poiblí.

Dúirt sé leis an Irish Daily Mail: ‘Tá costais árachais sláinte thar a bheith ard agus beidh aon mhéadú thar a bheith deacair do theaghlaigh ar fud na tíre.

SCÉAL EILE:Díolann úinéir óstáin i Sneem ‘an leabhar is mó tionchair i stair an duine’ … ar €35m

‘Beidh tionchar mór ag aon mhéadú ar othair agus ar theaghlaigh agus déarfainn leis na soláthraithe sin go gcaithfidh siad a bheith ar an eolas faoi sin.

‘Glacann go leor teaghlach ar ioncam íseal agus meán ioncam árachas sláinte mar ní féidir leo brath ar an gcóras poiblí le haghaidh rudaí áirithe,’ a dúirt sé.

‘Ba mhaith linn deireadh a chur le spleáchas ar árachas príobháideach trí infheistíocht a dhéanamh sa chóras poiblí.

SCÉAL EILE: Easpa drugaí chun déileáil le ‘hay fever’

‘Ach is é an rud a fheicfimid ná go bhfuil níos mó brú á chur ar theaghlaigh leis na harduithe costais seo,’ a dúirt sé.

Dúirt Irish Life Health go bhfuil ‘méadú an-suntasach’ ar líon agus ar mhéid na n-éileamh (claims).

Tá na méaduithe, a dúirt an chuideachta, á dtiomáint ag an éileamh láidir ar sheirbhísí cúram sláinte, go háirithe in ospidéil phríobháideacha agus ardteicneolaíochta.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram