Díolann úinéir óstáin i Sneem ‘an leabhar is mó tionchair i stair an duine’ … ar €35m

22/05/2023

Tá ‘an leabhar is mó tionchair i stair an duine’ díolta ag comhúinéir (co-owner) óstán Parknasilla sa tSnaidhm (Sneem), Co. Chiarraí, ar €35 milliún, dar leis an Irish Times.

Tá sé ar cheann de na praghsanna is airde ar leabhar nó doiciméad stairiúil a díoladh riamh ag ceant (auction).

parknasillae
Parknasilla

Bhí Jacqui Safra, 83, a chaitheann cúpla seachtain gach bliain sa cheantar i gCiarraí, i seilbh an Codex Sassoon ó 1989 i leith.

Is airgeadaí (financier) agus bailitheoir Eilvéiseach (Swiss) é agus is comhúinéir é ar Parknasilla agus Rossdohan Island, sa cheantar céanna, leis an bhfear gnó Tony Daly.

Rinne an billiúnaí a chéad cheannach i ndeisceart na hÉireann nuair a cheannaigh sé Oileán an Chuilinn (Garinis Island) i gCorcaigh sna 1990í, sular chuir sé óstán Parknasilla agus Oileán Ros Deochan (Rossdohan Island) lena phunann (portfolio) in 2012 agus 2020 faoi seach, de réir an tuairisc san Irish Times.

Tá Safra ina cónaí san Eilvéis ach caitheann sé roinnt seachtainí gach bliain i gCo. Chiarraí.

Coinníonn sé próifíl an-íseal agus é sa chontae agus deirtear go n-úsáideann sé an t-ainm JE Beaucaire go háitiúil, ainm a glacadh ó róil scannáin cameo i saol níos luaithe, lena n-áirítear in Woody Allen’s Radio Days.

Áirítear sa Codex Sassoon na 24 leabhar uile den Bhíobla Eabhraise (Hebrew Bible), lúide thart ar ocht duilleog, lena n-áirítear an chéad 10 gcaibidil de Genesis.

Déir taighdeoirí go dtagann sé ón naoú haois nó tús an 10ú haoi, rud a fhágann gurb é an Bíobla Eabhraise is sine atá beagnach iomlán ar eolas atá ann. Is beag scoláire a chonaic sé.

Cheannaigh American Friends of ANU — Músaem na nDaoine Giúdach i Tel Aviv, Iosrael é, le cabhair deontas ó Alfred Moses, iar-ambasadóir don Rómáin, agus a theaghlach.

Beidh an Codex Sassoon ag dul go dtí an músaem (ar a dtugtaí Músaem an Diaspóra Giúdach roimhe seo) agus beidh sé mar chuid den taispeántas lárnach.

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram