D'eagraigh póilíní atá ag fiosrú imeacht ar iarraidh Madeleine McCann cuardaigh ag taiscumar (reservoir) sa Phortaingéil.
Is áit í ar thug amhrastach foirmiúil (suspect) Christian Brueckner cuairt air.
Tá an cuardach ag damba Arade, 50km ón áit a ndeachaigh Madeleine ar iarraidh i Praia da Luz in 2007.
Rinne ionchúisitheoirí na Portaingéile amhrastach foirmiúil, nó "arguido" de Brueckner, atá 45 bliain d’aois, anuraidh.
D’iarr póilíní Gearmánacha ar an cuardach mar thug Brueckner cuairt ar an gceantar nuair a d’imigh Madeleine ar iarraidh. Bhí sí trí bliana d’aois ag an am.
Bhí Madeleine, as Leicestershire, i Sasana, ar saoire lena teaghlach san Algarve sa Phortaingéil nuair a chuaigh sí ar iarraidh ar an 3 Bealtaine 2007.
Tá sé socraithe go mairfidh an cuardach ar feadh dhá lá ar a laghad agus níos faide ná sin má aimsítear aon rud ábhartha.
Beidh sé ar an gcéad mhóroibríocht dá leithéid ó mhí an Mheithimh 2014 nuair a tugadh cead do phóilíní na Breataine cuardach a dhéanamh i Praia da Luz le madraí a bhí oilte chun coirp a bhrath agus radar.
Mar sin féin, theip orthu teacht ar rud ar bith.
SCÉAL EILE: Gearrann coimisinéir na hÉireann Helen Dixon fíneáil €1.2bn ar úinéir Facebook
An uair seo bainfear úsáid as tumadóirí (divers) agus déanfar codanna de na coillte atá taobh leis an uisce a thochailt.
Is ceantar é a dúirt tiománaí leoraí go bhfaca sé bean ag tabhairt páiste ar nós Madeleine McCann anonn d'fhear, dhá lá tar éis di dul ar iarraidh.
Tá Hans Christian Wolters, ionchúisitheoir stáit (state prosecutor) Gearmánach i Braunschweig, ag deileáil le Brueckner mar an príomh-amhrastach i gcás McCann, cé nár cúisíodh riamh é as imeacht ar iarraidh Madeleine, agus gur shéan sé aon bhaint leis.
Dúirt an t-ionchúisitheoir stáit gur nasc an-cuid fianaise Brueckner leis an gcás, lena n-áirítear a thaifid fón póca a léirigh go raibh sé i gceantar Praia de Luz nuair a chuaigh Madeleine ar iarraidh.
SCÉAL EILE: Lilian ag léiriú an chaoi atá an Tuaisceart ag athrú
Tá Brueckner, náisiúnach Gearmánach, i bpríosún sa Ghearmáin faoi láthair as éigniú mná, a bhí 72 bliain d'aois, in 2005 sa cheantar céanna inar chuaigh Madeleine McCann ar iarraidh.
Bhí sé ina chónaí in aice leis an ionad saoire Praia da Luz nuair a bhí an teaghlach McCann ar saoire, agus chaith sé am sa cheantar idir 2000 agus 2017.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.