Cuardach nua Madeleine McCann bunaithe ar phictiúr a fuarthas i ‘hideout’

Tá na póilíní atá ag fiosrú imeacht ar iarraidh Madeleine McCann i 2007 tar éis a gcuardach a dhíriú ar shuíomh ar leith ag taiscumar (reservoir) i ndeisceart na Portaingéile.

Dúirt foinse go bhfuil baint ag an gcuardach nua le grianghraif a tógadh ag taiscumar Arade sa Phortaingéil, a fuarthas i bhfolachán (hideout) Gearmánach Christian Brueckner.

D’ainmnigh ionchúisitheoirí Gearmánacha Brueckner anuraidh mar amhras oifigiúil faoi dhul ar iarraidh Madeleine.

Madeleine McCann Feature 1 1200x700 1 768x448 1

Dúirt foinse atá eolach ar an imscrúdú go raibh an oibríocht i mbardas Silves á déanamh ar iarratas ó údaráis na Gearmáine.

Tá an cuardach ag damba Arade, 50km ón áit a ndeachaigh Madeleine ar iarraidh i Praia da Luz in 2007.

Rinne ionchúisitheoirí na Portaingéile amhrastach  foirmiúil, nó “arguido” de Brueckner, atá 45 bliain d’aois, anuraidh.

D’iarr póilíní Gearmánacha ar an cuardach mar thug Brueckner cuairt ar an gceantar nuair a d’imigh Madeleine ar iarraidh. Bhí sí trí bliana d’aois ag an am.

SCÉAL EILE:Cuardach ollmhór i ‘reservoir’ in imscrúdú Madeleine McCann

Is ceantar é a dúirt tiománaí leoraí go bhfaca sé bean ag tabhairt páiste ar nós Madeleine McCann anonn d’fhear, dhá lá tar éis di dul ar iarraidh.

Tá Brueckner, náisiúnach Gearmánach, i bpríosún sa Ghearmáin faoi láthair as éigniú mná, a bhí 72 bliain d’aois, in 2005 sa cheantar céanna inar chuaigh Madeleine McCann ar iarraidh.

Bhí sé ina chónaí in aice leis an ionad saoire Praia da Luz nuair a bhí an teaghlach McCann ar saoire, agus chaith sé am sa cheantar idir 2000 agus 2017.

SCÉAL EILE: Fuair an ‘sinister pervert’ Rolf Harris bás coicís ó shin ach coinníodh a bhás faoi rún

Tá Hans Christian Wolters, ionchúisitheoir stáit (state prosecutor) Gearmánach i Braunschweig, ag deileáil le Brueckner mar an príomh-amhrastach i gcás McCann, cé nár cúisíodh riamh é as imeacht ar iarraidh Madeleine, agus gur shéan sé aon bhaint leis.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram