Guest ‘an-aisteach’ ag Maura agus Dáithí: Táim i ngrá le hÉirinn mar tá sibh ‘all over the gaff’

22/05/2023

Tháinig ‘aoi (guest) an-aisteach’ os comhair Maura agus Dháithí tar éis dó a mhothúcháin faoin Today Show a léiriú ar líne.

Tá an t-iriseoir MMA Ariel Helwani anseo do throid Katie Taylor le Chantelle Cameron, agus bhí sé ag tweetáil go raibh sé I ngrá i h’Éirinn.

Taitníonn an Today Show go háirithe leis, agus chuir sé suas tweet le grianghraf den chlár Dé Máirt.

‘Beannachtaí ó Bhaile Átha Cliath. Tá sé chomh deas a bheith anseo,’ a phostáil sé ar Dé Céadaoin.

‘Ba é an chéad rud a rinne mé ná casadh ar RTÉ a hAon agus bhí siad ag díospóireacht faoi cad ba cheart do bhean a dhéanamh dá neachtanna (nieces) a rinne scrios ar a smideadh daor (expensive make-up).

‘An éiríonn sé níos folláin (wholesome)? Tá mé ag súil le héisteacht le Joe Duffy ag caint faoin bhfear bainne “tardy” níos déanaí.’

Tharraing na tweets aird na n-óstach Maura Derrane agus Dáithí Ó Sé air, agus bheartaigh siad é a thabhairt ar an seó.

Ansin chuir siad é i láthair an luchta éisteachta mar aoi ‘an-aisteach’.

Ach mhínigh sé an chaoi ar thit sé i ngrá lenár dtír.

SCÉAL EILE: So! Níl Gaeilge agat?
Well, léigh é seo agus freagair
an cheist ag an deireadh

‘Athraigh mé go lucht leanúna de gach rud Éireannach,’ a mhínigh sé.

‘Bhí mé anseo uair amháin roimhe seo, in 2014 don chéad troid Conor McGregor i mBaile Átha Cliath agus thit mé i ngrá leis an tír.

‘Thit mé i ngrá leis an gcultúr, thit mé i ngrá leis an teanga dhúchasach (vernacular), rudaí cosúil le “all over the gaff’ agus “cad é an craic”… mothaím gur mac uchtaithe mé (adopted son) anois.

‘Bhí mé ag iarraidh teacht ar ais ar feadh na mblianta, agus ar deireadh thiar thug filleadh mór Katie Taylor cúis dom teacht ar ais.’

ariel helwani today show 1168x681 1
An t-iriseoir MMA Ariel Helwani ar an Today Show

Chuir Ariel in iúl freisin a ghrá don Late Late Show, go háirithe an Toy Show.

Mar sin féin, beidh sé suimiúil a fheiceáil an dtiocfaidh a bhrionglóid i gcrích – dúirt sé gur mhaith leis a bheith ina aoi ar sheó Ryan Tubridy.

Mar sin féin, tá Ryan ag críochnú Dé hAoine seo chugainn, agus beidh an seó féin ar shos an tsamhraidh ansin – mar sin beidh sé suimiúil a fheiceáil an éiríodh leis.

SCÉAL EILE: FÉACH AR AN ‘CLIP’
Molann Katie Taylor an chéad ghlúin
eile … tar éis di ‘sparring’ a dhéanamh
le Carly Burke atá 11 bliain d’aois

Dúirt sé: Tá mé ag breathnú ar an Late Late Show le roinnt blianta anuas. Is é an ceann is fear liom ná an “toy Christmas spectacular”. Téim as mo bhealach chun féachaint air.’

Mhol cuntas Twitter The Late Late Show a chuid moladh, ag tweetáil ‘buíochas as na focail chineálta, @ArielHelwani. Fáilte ar ais go hÉirinn.’

SCÉAL EILE: Phillip i mbaol a phost
a chailleadh agus Holly réidh le éirí as

Agus ní raibh Ariel mall ag teacht ar ais dóibh: ‘Tá mé anseo má tá mé ag teastáil uaibh! #ArielForLateLateShow.’

• Níl troid Taylor v Cameron ar an ngnáth-theilifís. Is féidir féachaint air ar sheirbhís sruthaithe ach ar phraghas. Craolfar beo é ar an aip sruthú DAZN, a chosnóidh €9.99 ar feadh míosa sruthú.

Cuirfear tús leis an gclár iomlán ag 7in, agus táthar ag súil go mbeidh Katie agus Cameron ag dul isteach sa fáinne dornálaíochta thart ar 10.30in.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram