So! Níl Gaeilge agat? Well, léigh é seo agus freagair an cheist ag an deireadh

13/05/2023

Tá na scéalta is fearr sa Nuacht, Siamsaíocht agus Spórt ar fáil gach lá ar www.extrag.ie, suíomh idirlín Gaeilge; agus tá siad ar fáil le Gaeilge shimplí.

www.extrag.ie ar fáil do na daoine a bhfuil ‘Gaeilge na scoile (school Irish)’ acu, agus do na daoine atá líofa le Gaeilge.

Gaeilge
Maura Derrane (anseo) agus Éadaoin Fitzmaurice (ar bharr) a bhí ina n-ambasadóirí don Ghaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge i mbliana

Tá sé mar aidhm ag www.extrag.ie úsáid na Gaeilge a spreagadh le haghaidh daoine nach labhraíonn Gaeilge gach lá.

Mar sin tá roinnt focal Béarla idir lúibíní (in brackets) sa téacs agus i gceannlínte (headlines).

Creidimid go gcabhróidh sé seo le daoine atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt, ach nach dtuigeann gach focal – an chuid is mó againn, ní mór dúinn a admháil (admit).

Má léann muid píosa gearr Gaeilge ar www.extrag.ie gach lá, beidh na frásaí Gaeilge a d’fhoghlaim muid ar scoil ag teacht ar ais chugainn.

Agus seo an cheist: Ar thuig tú an píosa seo?

Tá 180 focal ann.

Maith thú.

Anois, lean ar aghaidh. Bain triail as, agus scaip an scéal!


Scaip an scéal/Spread the word

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram