Yikes! Dúirt ‘glitch’ Facebook do dhaoine cé a raibh ag ‘snooping’ orthu

Rinne an chuid is mó daoine é, ag smaoineamh go bhfuil sé rúnda. Ach nochtann ‘glitch’ Facebook a rún.

B’fhéidir go raibh siad ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil faoi chomhghleacaí nua i mbun oibre, nó faoin boss nua fiú. Nó buachaill nua a hiníne.

Rinne siad logáil isteach ar Facebook chun beagán oibre bleachtaireachta (detective work) a dhéanamh.

Ach ní raibh a fhios acu faoin ‘glitch’ náireach in aip na cuideachta meán sóisialta.

Dúirt Facebook leis an duine a bhí siad ag smúrthacht (snooping) ar, go raibh an smúrthacht  ar súil, agus thug sé ainm ar an duine a bhí á dhéanamh.

facebookhacking1 1 768x448 1

Rinne sé é seo trí iarratas cara (friend request) a sheoladh go huathoibríoch (automatically) ó aon chuntais a raibh an t-úsáideoir Facebook ag féachaint orthu.

Fágadh roinnt daoine chomh náirithe sin go bhfuil a gcuntais curtha as feidhm.

Chuaigh an fhadhb víreasach (viral) i ndiaidh d’úsáideoir amháin postáil: ‘Is fíric nua iontach Facebook é seo. Má dhéanann tú seiceáil ar Facebook ar duine éigin nach bhfuil cairde agat leis, seolann sé iarratas cara chuig an duine sin go huathoibríoch.

‘Tá sé fíor mar is cairde liom anois le bean chéile mo iar-fhear céile.’

SCÉAL EILE: BRÓD ionainn féin: SSE Airtricity agus League of Ireland
ag cur branda LGBT Ireland chun cinn an deireadh seachtaine seo

Bhí toradh níos fearr ag úsáideoir Facebook eile, agus é ag scríobh: ‘Fuair mé iarratas cara ó mo ‘ex’. Buíochas le Facebook as a chur in iúl dom go bhfuil siad fós i ngreim liom.’

Roinneadh rabhaidh faoin ‘glitch’ ar an ardán agus ar Twitter, TikTok agus Instagram.

Ach do go leor daoine bhí sé ró-dhéanach.

Rinne na húsáideoirí cur síos ar a gcroí ‘ag rásaíocht’ agus iad ag fáil amach an raibh siad gafa.

SCÉAL EILE: Labhraíonn Leo ar son buachaill
a ionsaíodh go brúidiúil ‘mar go bhfuil sé difriúil’

Scríobh duine amháin: ‘Chuir mé mo Facebook as feidhm mar ní cuimhin liom an raibh mé ag stalcadh (stalking) daoine nuair a bhí sé “glitching”.’

Ghabh Facebook leithscéal as an fhadhb a spreag nuashonrú (update) aip, agus d’inis siad d’úsáideoirí gur féidir leo iarratais ar chara a chur ar ceal ina loga gníomhaíochta (activity log).

Dúirt urlabhraí do Meta, an chuideachta faoi stiúir Mark Zuckerberg atá i gceannas ar Facebook: ‘Shocraigh muid fabht a bhaineann le nuashonrú aipeanna le déanaí a d’fhág gur seoladh roinnt iarratas ar chairde Facebook trí dhearmad.

‘Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht (inconvenience) a d’fhéadfadh a bheith ann dá bharr.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram