Job cuts: Faitíos faoi 3,000 oibrí Meta in Éirinn le gearradh 10,000 post breise ag Zuckerberg

15/03/2023

Tá faitíos nua faoi phoist Facebook in Éirinn tar éis don úinéir Meta agus Mark Zuckerberg a fhógairt go bhfuil siad ag fáil réidh le 10,000 oibrí.

Oibríonn thart ar 3,000 duine i Meta in Éirinn, agus thuairiscigh Business Plus chaill 300 duine a bpoist in Éirinn tar éis cailleadh post idirnáisiúnta i mí na Samhna.

Tá foireann Meta in Éirinn roinnte idir ceanncheathrú idirnáisiúnta an chomhlachta i mBaile Átha Cliath, ionad sonraí i gCluain Aodha (Clonee) agus Reality Lab i gCorcaigh.

facebook zuckerberg1
Mark Zuckerberg

Tháinig an teachtaireacht ón bpríomhfheidhmeannach Mark Zuckerberg ceithre mhí tar éis dóibh a lucht saothair domhanda a laghdú faoi 11,000.

Dúirt urlabhraí don Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta (Department of Enterprise Trade and Employment) nach raibh aon fhógra nua faighte acu ó Meta.

Dúirt siad go bhfuair siad fógra faoi iomarcaíochtaí (redundancies) ó Meta an 9 Samhain 2022.

Dúirt an tUasal Zuckerberg freisin nach líonfadh siad 5,000 ról atá oscailte ar fud na heagraíochta faoi láthair.

Dúirt sé go raibh na ciorruithe ag teacht mar chuid de ‘year of efficiency’ an chomhlachta.

Dúirt an tUasal Zuckerberg go mbeidh ‘athstruchtúrú’ á dhéanamh ar an eagraíocht sna míonna amach romhainn, rud a laghdóidh méid a bhfoirne domhanda.

Dúirt an tUasal Zuckerberg go gceadódh an plean don chuideachta infheistíocht mhór a dhéanamh sa todhchaí agus torthaí inbhuanaithe á seachadadh ag an am céanna.

Gheall an Tánaiste Micheál Martin ‘gach rud is féidir linn’ a dhéanamh chun cabhrú le fostaithe.

facebook sign 74

Dúirt sé ‘d’aon oibrí aonair a chailleann a bpost, gur buille ollmhór é sin don oibrí agus dá dteaghlaigh’.

Ach dúirt sé go raibh gníomhaireachtaí stáit ar fad ag tuairisciú go raibh ‘folúntas suntasacha ag cuideachtaí i réimse na teicneolaíochta’.

‘Tá tallann thar a bheith iomaíoch sa réimse sin,’ a dúirt sé.

Mar sin féin, d’fhógair roinnt cuideachtaí teicneolaíochta cailleadh post le sé mhí anuas, agus d’fhógair Microsoft, an tseachtain seo caite, go bhfuil 60 post le gearradh in Éirinn.

Tá cuideachtaí móra teicneolaíochta ar nós Amazon, Google, Intel agus Stripe tar éis líon suntasach foirne a scor le míonna beaga anuas, go mór mhór ag cur an milleán ar rófhostú le linn na paindéime agus an choir chun donais eacnamaíoch.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram