Úinéir Facebook, Meta, chun fáil réidh le trian dá fhostaithe in Éirinn

25/05/2023

Tá sé fógartha ag máthairchomhlacht Facebook, Meta, go bhfuil siad le 490 ball foirne a bhriseadh as a phoist in Éirinn.

Tá na hiomarcaíochtaí fógartha ag an gcomhlacht, ar leo Facebook, WhatsApp agus Instagram, chomh maith leis an 350 post atá fógartha acu cheana féin.

Ciallaíonn sé seo go scaoilfear trian dá lucht oibre in Éirinn de réir mar a leanann an cor chun donais (downturn) sa teicneolaíocht.

facebook zuckerberg1
Mark Zuckerberg

Tagann na caillteanais post lá amháin tar éis gearradh fíneáil os cionn €1.2billiún ar Meta agus ordaíodh dóibh stop a chur le sonraí úsáideoirí a aistriú ó úsáideoirí Eorpacha chuig a gcuid freastalaithe (servers) sna Stáit Aontaithe. Ghearr Coimisiún um Chosaint sonraí (Data Protection Commission) an fhíneáil tar éis imscrúdú trí bliana ar an gcuideachta.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go rachaidh an Rialtas i dteagmháil leis an gcomhlacht chun a chinntiú go dtabharfar pacáistí iomarcaíochta (redundancy packages) cuí dóibh.

Is iad na poist a chaillfear ná poist fostaithe lánaimseartha, ní oibrithe ar conradh. Tagann an cinneadh tar éis a cailleadh thart ar 320 post Meta i mí na Samhna anuraidh.

SCÉAL EILE: Druga menopause a mhúchann ‘hot flushes’ ar fáil go luath

Se sin 840 as thart ar 2,500 duine a fhostaíonn an comhlacht anseo.

Tuigtear go mbeidh tionchar ag na hiomarcaíochtaí ar roinnt foirne lena n-áirítear airgeadas, díolacháin, margaíocht, anailísíocht (analytics, oibríochtaí (operations) agus innealtóireacht.

Cuireadh baill foirne ar an eolas faoi na ciorruithe post ar Dé Céadaoin, agus cuirfear tús le próiseas comhairliúcháin comhchoiteann (collective consultation process), a dúirt an chuideachta.

Ní bheidh líon deiridh na n-iomarcaíochtaí ar eolas go dtí go mbeidh an próiseas sin curtha i gcrích ach chuir Meta in iúl don Rialtas go bhfuil thart ar 490 ról I gceist.

SCÉAL EILE: Gearrann coimisinéir na hÉireann Helen Dixon fíneáil €1.2bn ar úinéir Facebook

Ní athróidh fógra an lae inniu láithreacht iomlán Meta in Éirinn, agus beidh a cheanncheathrú idirnáisiúnta anseo i gcónaí.

Tá na hiomarcaíochtaí mar chuid d’fhógra ciorruithe post domhanda a rinne Príomhfheidhmeannach Meta, Mark Zuckerberg, i mí an Mhárta, a dúirt go laghdódh lucht oibre na cuideachta faoi thart ar 10,000 duine.

Ag labhairt dó sa Dáil, chuir an Taoiseach síos ar an gcaillteanas post mar rud suntasach agus dúirt go bhfuil a ‘smaoineamh leis an bhfoireann agus leis na teaghlaigh’.

Dúirt an tUasal Varadkar go bhfuil níos mó daoine ag obair san earnáil teicneolaíochta anois ná mar a bhí anuraidh.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram