Athrú teanga: Tá beocht nua faoin nGaeilge mar gheall ar athruithe ar an Acht Teanga, a deir an tAire Patrick O’Donovan

13/05/2023

Mar gheall ar athruithe ar an Acht Teanga tá súil ag an tAire Patrick O’Donovan go bhfuil beocht nua faoin nGaeilge le cloisteáil, as a dtagann suim athnuaite (renewed) inár dteanga dhúchais i measc an phobail.

Agus mar fhreagra air sin tá gealltanas nua tugtha ag an Aire Sóisearach atá freagrach as na réimsí Gaeltachta agus na Gaeilge don Ghaeilge.

Is féidir an t-agallamh iomlán a chloisteáil anseo

Ag labhairt dó le Blas na Cathrach ar Raidió na Life 106.4FM, stáisiún raidió do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, dúirt an tAire O’Donovan: ‘Níl aon amhras ach go bhfuil athbheochan na Gaeilge ar shúil faoi láthair, imeasc na daoine óga go háirithe.

‘Tá níos mó ná 150,000 duine le Gaeilge i limistéar cathair Bhaile Átha Cliath, agus 430,000 duine san contae iomlán. Anuas ar sin is í Bhaile Átha Cliath an triú contae is aired ó thaobh céatadán cainteoirí Gaeilge sa tír.’

Ceann de na rudaí a rinne an tAcht ná a áiteamh go gcaithfidh ranna agus comhlachtaí Stáit cuid dá mbuiséad fógraíochta a chaitheamh ar fhógraí Gaeilge agus ar fhógraí go sonrach sna meáin Ghaeilge.

Mar gheall air sin tá níos mó comhlachtaí príobháideacha meán, náisiúnta agus idirnáisiúnta, toilteanach anois infheistíocht a dhéanamh san iriseoireacht Ghaeilge.

patrick oDonovan1
Patrick O’Donovan

Ag labhairt dó faoi chúrsaí fógraíochta dúirt an tAire: ‘Tá dualgas ann anois ag comhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht bhliaintúil ar a laghad, a dhéanamh trí Gaeilge; agus 5% dá mbuiséad bliantúil fhógraíocht a chaitheamh ar fhógraíocht trí Gaeilge sna meáin Gaeilge.

‘Agus creidim féin go bhfuil toradh an-dearfach ar sin, agus go bhfuil an dualgas seo ag cuir beocht ar leith sa Ghaeilge.’

Thug sé gealltanas freisin go gcuirfidh an Rialtas feabhas ar sheirbhísí i nGaeilge.

Le sin, dúirt sé go bhfuil cuir i bhfeidhm Acht na Teanga lárnach den obair atá ar siúl aige agus ag an Roinn.

‘Beidh muid ag cuir leis a soláthair seirbhisí do phobal na Gaeilge agus á feabhsú,’ dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil súil aige bogadh ar aghaidh le feabhsúcháin ar chaighdeán na Gaeilge sna seirbhísí poiblí.

Tá súil aige é sin a fhoilsiú i mbliana.

‘Tá conradh bronnta ar Ollscoil na Gaillimhe chun taighde cuimsitheacht a dhéanamh mar bhunús do fhorbair plean naisiúnta um sholátair seirbhísí poiblí trí mheáin na Gaeilge.

‘Agus nuair a fhoilseofar an plean socrófar dáta do sholáthar seirbhísí poiblí Gaeilge trí mheán na Gaeilge, rud atá á éileamh ag pobal na Gaeilge le blianta fada.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram