Caitríona Perry ag fágáil RTÉ ‘go luath’ agus ag bogadh go SAM

Tá sé fógartha ag Caitríona Perry go mbeidh sí ag fágáil RTÉ ‘sna seachtainí amach romhainn’ agus ag bogadh go dtí na Stáit Aontaithe mar chuid dá post nua.

D’fhógair an t-iriseoir go bhfuil sí ag fágáil príomhchlár nuachta RTÉ, Six One News, tar éis 16 bliana a chaitheamh leis an gcraoltóir náisiúnta.

Ag deireadh an tsamhraidh, beidh Caitríona ag dul i mbun a ról nua mar phríomh-láithreoir leis an BBC atá lonnaithe i Washington DC, agus tuigtear go bhfógrófar comhláithreoir nua do RTÉ Six One News go luath.

Ag labhairt di ar Twitter, mhínigh Caitríona gur ‘onóir’ a bhí ann tuairisc a thabhairt ar imeachtaí móra nuachta.

Scríobh sí: ‘Is le meascán de bhrón agus sceitimíní (excitement) is mian liom a roinnt go mbeidh mé ag fágáil RTÉ go luath.

catriona perry washington 1068x623 1
Caitríona Perry ag dul ar ais go Washington

‘Cé go bhfuil an t-am imithe thart, d’oibrigh mé anseo le beagnach 16 bliana, trí cheathrú de mo shaol oibre.

‘Tá sé fíordheacair slán a fhágáil. Rinne mé cairde móra, d’oibrigh mé le daoine thar a bheith cumasach agus bhí eispéiris agus deiseanna iontacha agam,’ dúirt Caitríona.

‘Tá tuairiscí déanta agam ó gach cearn den domhan agus bhí deis agam a bheith mar chuid d’imeachtaí stairiúla, go háirithe le linn mo thréimhse mar Chomhfhreagraí Washington agus mar Láithreoir ar Six One News.’

Mhínigh Caitríona gur cinneadh ‘diana’ a bhí sa chinneadh fágáil RTÉ, ach go raibh ‘deis dochreidte’ aici.

‘Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil le lucht féachana RTÉ, leis na héisteoirí agus leis na léitheoirí a thug an phribhléid iontach dom a bheith i m’iriseoir craolacháin seirbhíse poiblí,’ a dúirt sí.

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO Teannas
taobh thiar de na meangadh gáire ar This
Morning: An bhfuil Schofield á bhrú amach?

‘Ba mhór an onóir é tuairisc a thabhairt ar mhórimeachtaí agus nuacht agus iad a chur i láthair, agus nuacht agus forbairtí tábhachtacha a thabhairt dár lucht éisteachta.

‘Don líon mór daoine a chaith an t-am le litreacha, cártaí agus ríomhphoist a scríobh chugam thar na blianta, go raibh maith agaibh as bhur gcuid focal cineálta.

‘Míle buíochas freisin dóibh siúd go léir a chuir muinín asam a gcuid scéalta a insint. Mar iriseoirí, táimid ag brath ar do ghaisce ag seasamh suas agus ag labhairt amach.’

Dúirt sí: ‘Guím gach rath ar mo pháirtí ar Six One faoi láthair, David McCullagh, an fhoireann sa seomra nuachta agus ar mhuintir RTÉ i gcoitinne.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram