Teannas taobh thiar de na meangadh gáire ar This Morning: An bhfuil Schofield á bhrú amach?

Bhí meangadh gáire agus fáilte mór ar This Morning ar an Luan nuair a d’fhill Holly Willoughby, ach tá teannas ar an seó agus ceaptar go mbeidh Philip Schfield a bhrú amach.

Bhí Holly ar ais ar an chlár de chuid ITV in éineacht le Schofield don chéad uair le níos mó ná mí tar éis bouta den deir (shingles).

Bhí sí ar saoire bhreoiteachta (sick leave) nuair a tháinig a comhréalta ar ais chuig an seó tar éis a bhriseadh trí seachtaine féin – mar gheall ar chiontuithe a dearthár i gcionta gnéis leanaí.

Bhí go leor meangadh gáire do na ceamaraí agus labhair Holly foin tinneas a bhí aici.

‘Tá mé i bhfad níos fearr,’ a dúirt sí. ‘Bhí seachtain go leith “wobbly” agam. Do dhuine ar bith a bhí bouta den deir acu, níl sé go deas.’

Hollyrexfeatures 10331475az 1
Bhí Holly ar ais ar an chlár de chuid ITV in éineacht le Schofield don chéad uair le níos mó ná mí tar éis bouta den deir (shingles).

Ach tá an Irish Daily Mail ag tuairisciú go bhfuil trioblóid ann maidir le todhchaí This Morning.

Tá cuimhlint ar siúl faoi atheagrú ar an bhfoireann léiriúcháin.

Is í an phríomhcheist le This Morning ná cad ba cheart a dhéanamh le Schofield, de réir foinse ITV.

Ceapann daoine áirithe go bhfuil sé in am don láithreoir, atá 61 bliain d’aois, éirigh as.

Tá sé mar laithreoir This Morning le breis agus dhá scór bliain agus feictear go bhfuil tuirse ar roinnt de na milliún lucht féachana atá ag This Morning.

Déanann ceannairí ITV monatóireacht ar na meáin shóisialta féachaint conas a imoibríonn lucht leanúna lena réaltaí. Ní hamháin go bhfuil diúltachas (negativity) suntasach dírithe ar Schofield ar líne, ach tá achainíocha (petitions) ar fud an idirlín ag iarraidh ar an gcainéal fáil réidh leis ó This Morning

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO
Réalta Stranger Things Millie Bobby
Brown ag nochtadh rud éigin idir na clúdaigh

Tá na tuairimí seo níos deacra do Schofield mar gheall ar rath Alison Hammond. Cuireann roinnt daoine síos uirthi mar ‘Slánaitheoir This Morning’ tar éis di ardú céime a fháil óna agallóir gnó na siamsaíochta  (showbusiness presenter) go príomhláithreoir 15 mhí ó shin.

Dúirt foinse amháin: ‘Is cás é go bhfuil an dá rud ag teacht salach ar a chéile. Deir lucht leanúna go bhfuil siad in aghaidh Phil agus is breá leo Alison.’

Dá n-imeodh Schofield ó This Morning, tiofaidh deireadh le ‘Holly and Phil’, ceann de na comhpháirtíochtaí is cáiliúla ar an teilifís – nó ‘Phil and Holly’, mar a b’fhearr Schfiled an téarma, de réir tuairiscí.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram