Rinne Donald Trump éigniú ar iriseoir, agus tá ‘M.O. ionsaí’ aige, dúradh i gcúirt

Rinne Donald Trump éigniú ar iriseoir ansin rinne sé iarracht í a mhilleadh trína rá gur bréagadóir é, a chuala giúiré i gcúirt.

Líomhnaítear go rinne iar-uachtarán Mheiriceá ionsaigh ar E Jean Carroll i seomraí feistis na roinne lingerie i siopa, gur tharraing sé síos a riteoga (tights) agus chuir sé é féin uirthi.

Nuair a labhair Ms Carroll faoin méid a tharla di go poiblí, 23 bliain ina dhiaidh sin, nuair a bhí Trump ina uachtarán, d’éirigh sé ‘pléascach’, dúradh sa chúirt.

Séanann Trump na líomhaintí, ag glaoch orthu mar ‘complete con job’.

Mar sin féin, ba é ‘M.O.’ (modus operandi) Trump an t-ionsaí sin, agus d’úsáid sé ar mhná eile é, dúradh leis an ngiúiré.

Dúirt Shawn Crowley, dlíodóir do Ms Carroll, gur bhuail Trump léi agus í ag fágáil siopa Bergdorf lá amháin i 1996.

D’aithin siad a chéile – bhí pictiúr Trump le feiceáil go rialta sna nuachtáin ag an am – agus thosaigh siad ag comhrá agus ag ‘magadh agus ag gáire’, a dúirt Ms Crowley.

D’iarr sé uirthi bronntanas a fháil do bhean agus d’aontaigh Ms Carroll dul leis go dtí an séú hurlár ina raibh an roinn lingerie.

Phioc Trump culaith cholainne (bodysuit) as an gcuntar agus dúirt sé léi triail a bhaint as. Dúirt sí leis é a dhéanamh agus go mbeadh sé ‘greannmhar’ dá ndéanfadh sé.

Trump wave

Chuaigh siad isteach sa seomra feistis le chéile agus ‘ag an nóiméad sin d’athraigh gach rud’, a mhaígh Ms Crowley.

Dúirt sí leis an ngiúiré: ‘Go tobann ní raibh aon rud greannmhar. Chroith Donald Trump Ms Carroll in aghaidh an bhalla. Bhrúigh sé a chliabhrach ina aghaidh, chrom sé síos a lámh, tharraing sé anuas a riteoga agus rinne sé ionsaí gnéasach.’

Ag an am bhí Trump ‘dhá oiread níos mó  ná Ms Carroll’, chuala an giúiré. D’éirigh léi ‘briseadh saor’ agus rith sí amach as an siopa. Labhair sí le beirt chairde láithreach.

Dúirt duine acu dul chuig na póilíní, dúirt an duine eile fanacht ciúin mar go mbeadh Trump in ann í ‘a mhilleadh dá labhródh sí’, a dúirt Ms Crowley.

Choinnigh an t-iriseoir ciúin go dtí tar éis do Trump an uachtaránacht a bhuachan agus tar éis do ghluaiseacht MeToo in 2017.

In 2019 labhair sí go poiblí agus bhí Trump ‘pléascach’.

Dúirt Ms Crowley gur chuir sé ina leith gur chum sí scéal chun leabhar a dhíol, dúirt sé nach ‘my type’ í, rud a chiallaíonn go raibh sí ró-ghránna, agus glaoigh sé ‘hoax’ uirthi.

Le linn an cháis cloisfidh an giúiré ó Ms Carroll agus beirt bhan a mhaíonn gur ionsaigh Trump iad.

Dúirt Ms Crowley go ndearna sé ‘ionsaí orthu ar an mbealach céanna agus a d’ionsaigh sé Ms Carroll mar gurb é sin a M.O.’.

Dúirt sí: ‘Cluinfidh tú Donald Trump á rá sin ina bhfocail féin. Cloisfidh tú é ag caint faoi beagnach an rud céanna a rinne sé le Ms Carroll, a dhéanamh le mná eile.

Ceaptar gur tagairt é sin don fhíseán míchlúiteach ‘Access Hollywood’, a imreofar le linn na trialach.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram