Tá 13 bean éagsúil tar éis ionsaí gnéis (sex assault) agus ciapadh (harassment) a chur i leith an réalta scannán Francach Gerard Depardieu.
Tagann na héilimh is déanaí dhá bhliain tar éis d’aisteoir a mhaíomh gur éignigh (rape) sé í.
Éilíonn na mná go ndearna Depardieu, atá 74 bliain d’aois, ‘groping’ orthu, chuir sé a lámha ina gcuid fo-éadaí agus dúirt siad tuairimí gáirsiúla (obscene).
Tharla na teagmhais a líomhnaítear in áiteanna poiblí agus ar 11 seiteanna scannán agus seónna teilifíse idir 2004 agus an bhliain seo caite, de réir an tsuímh ghréasáin nuachta Mediapart.
Dúirt urlabhraí dlí go ndiúltaíonn Depardieu na cúisimh go léir go foirmiúil.
D’fhoilsigh Mediapart, a mheastar mar shuíomh gréasáin iontaofa (reliable) é, na líomhaintí Dé Máirt.
Le linn scannánú i 2015, ar an scannáin Big House, líomhnaítear go ndearna Depardieu iarracht trí ‘extras’ neamh-Fhraincis a mhealladh.
Dúirt an cúntóir feistis (wardrobe assistant) don scannán, Isabel Butel, le Mediapart an t-uafás a bhí uirthi faoi conas a bhí daoine ag déileáil leis ar an seit.
‘Bhí sé mar seo, “Ó sin é Gerard, tá sé rud beag mischievous!”’ a dúradh léi.
Chuaigh ‘extra’ eile, a aithníodh mar Helene Darras, a bhí 26 bliain d’aois ag an am, chuig na póilíní anuraidh.
Dúirt sí gur fhan sí ina tost ag an am mar nár theastaigh uaithi ‘namhaid a dhéanamh de stiúrthóirí páirteanna (casting directors)’.
Cúisíodh Depardieu as éigniú agus ionsaí gnéis a dhéanamh ar an aisteoir Charlotte Arnould i bPáras in 2018, rud a shéanann sé.
Tharscaoil sí (she waived) a ceart chun anaithnideachta (anonymity) in 2021 chun aird a tharraingt ar cé chomh fada is a bhí an t-imscrúdú ag dul ar aghaidh.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.