Labhair iníon amach tar éis pianbhreith deich mbliana go leith i bpríosún a ghearradh ar a hathair a d’éignigh (rape) í nuair a bhí sí óg.
Tharscaoil (waived) an bean as Dún na nGall, Karen Harkin, a ceart stop a chur lena hainm a fhoilsiú.
Dúirt sí nach bhfuil mothúcháin chiontachta (guilt) agus náire (shame) uirthi féin ach ar a hathair agus ar a hathair amháin.
Labhair Karen Harkin, atá 22 bliain d’aois, le tuairisceoirí taobh amuigh de na Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla i mBaile Átha Cliath Dé Máirt.
Tharla sé seo tar éis don Bhreitheamh Karen O’Connor, Michael Carter, atá 55 bliain d’aois, a chur i bpríosún as comhaireamh amháin éignithe agus 25 cás samplach d’ionsaí gnéis.
Cuireadh tús leis na hionsaithe nuair a bhí Ms Harkin naoi mbliana d’aois agus cuireadh stop leo lá sular bhain sí 13 bliana d’aois amach, dúradh leis an bPríomh-Chúirt Choiriúil.
Scaradh tuismitheoirí Ms Harkin agus tharla an mhí-úsáid nuair a bhí sí ar cuairt ar a hathair.
Ina ráiteas tionchair íospartaigh (victim impact statement), a léigh sí sa chúirt, dúirt sí go raibh sí sásta sula raibh sí naoi mbliana d’aois. Chaith sí am lena hathair agus chuir sé í ag gáire go minic.
Rinne Ms Harkin a céad ráiteas do ghardaí in 2018 agus gabhadh Carter níos déanaí an bhliain sin. Ach ‘dhiúltaigh’ sé don líomhain agus déanann sé sin fós.
Dúirt Ms Harkin gur sheas sí os comhair na cúirte ní le sonas ná le faoiseamh, ach le himní agus le pian agus le ciontacht (guilt).
Ach dúirt sí freisin go raibh sí in ann í féin a shaoradh ón chiontacht ar deireadh agus gurbh é sin an rud a bhí tuillte aici féin nuair a bhí sí níos óige.
Ba mhac léinn ‘straight As’ í, ach de réir mar a chuaigh an t-am ar aghaidh bhí cath laethúil aici chun na cuimhní cinn a bhí déanta ag a hathair a bhaint as a ceann.
Thit sí as a chéile tar éis an chéad lá den Ardteistiméireacht agus ní raibh sí in ann an chuid eile de na scrúduithe a dhéanamh.
Lasmuigh den chúirt, tar éis an bhreith, sheas Ms Harkin lena deirfiúracha agus baill eile den teaghlach, agus dúirt sí go raibh sí in ann í féin a shaoradh ón chiontacht ar deireadh.
Dúirt sí: ‘Táim anseo inniu, ní hamháin dom féin ach do gach duine eile amuigh ansin a d’fhulaing nó atá ag fulaingt de bharr drochíde.
‘Bíodh a fhios agat, le do thoil, nach bhfuil tú i d’aonar, creidfear thú, chomh fada agus is féidir muinín a bheith agat i mball teaghlaigh amháin, cara, na Gardaí, níl a fhios agat ach go mbeidh tú ceart go leor.
‘Tá súil agam go gcuideoidh labhairt amach le deireadh a chur leis an stiogma a bhaineann leis na cineálacha coireanna seo inniu.’
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.