Líomhnaítear gur fuadaigh (abducted) agus gur éignigh (raped) triúr fear leantóir rugbaí na hÉireann i Bordeaux tar éis chluiche na hÉireann in aghaidh na Rómáine ag an deireadh seachtaine.
Tá imscrúdú seolta anois ag póilíní na Fraince ar an eachtra.
Tá sé tuairiscithe ag na meáin áitiúla go ndearnadh ionsaí ar an mbean, atá 37 bliain d'aois, go déanach san oíche Dé Sathairn.
De réir tuairiscí i meáin na Fraince, ionsaíodh an bhean timpeall meán oíche ar Rue de la Rousselle i gcroílár na cathrach, gar don áit a raibh an bhean ag fanacht.
Bhí sí ag siúl gar dá lóistín nuair a líomhnaítear gur ionsaigh triúr fear í agus tharraing said isteach i gcaolsráid (alley) í.
De réir Le Parisien, bhí na fir á dtiomáint i gcarr freisin, ach níor fhág siad ceantar Saint-Paul.
Chuir cónaitheoirí in aice láimhe na póilíní ar an eolas, ach bhí am ag na fir éalú ón láthair.
Dar le L’Independant, bhí an bhean in ann filleadh ar a lóistín, ach thóg sé tamall sular bhraith sí go raibh sí in ann an t-ionsaí a thuairisciú do phóilíní na Fraince.
Nuair a shroich na hoifigigh an láthair fuair siad go raibh sí 'traumatised’ agus ‘prostrate'.
Chuir oifigigh na Fraince glaoch ar a gcomhghleacaithe Éireannacha a bhí sa chathair do Chorn Rugbaí an Domhain.
Tuigtear go raibh an bhean sa chathair chun féachaint ar an gcluiche.
Tuairiscíodh gur labhair gardaí lei sular tugadh go hOspidéal Ollscoile Bordeaux í.
Dúirt an bhean go raibh ionsaíodh gnéasach uirthi.
Bhí tástálacha fóiréinseacha ar siúl agus staidéar freisin ar íomhánna ó CCTV an cheantair chun na hionsaitheoirí a aimsiú, a dúirt ionchúisitheoirí (porsecutors).
Dheimhnigh urlabhraí de chuid an Gharda Síochána do ExtraG.ie: ‘Tá baill den Gharda Síochána faoi láthair sa Fhrainc ar feadh chomórtas Chorn an Domhain Rugbaí chun cabhrú le hÉireannaigh a thugann cuairt ar an bhFrainc.
'Is ceist do phóilíní na Fraince an t-imscrúdú.'
D'oscail ionchúisitheoirí imscrúdú ar an éigniú líomhnaithe agus deirtear go bhfuil na póilíní áitiúla ag lorg triúr fear Caucasian, duine acu a bhfuil cur síos air mar 'an-lúthchleasaí'.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.