Rabhadh Stádas Oráiste ó Met Éireann do chodanna den tír, le gaotha suas le 110km/u

Tá Rabhadh Stádas Oráiste eisithe ag Met Éireann do chodanna den tír, le gaotha suas le 110km/u.

Mar aon le sin, cuirfear fáilte roimh Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden ar cuairt i gContae Lú, le roinnt aimsire láidir agus tréimhsí fada ceathanna ag dul trasna oirthear na tíre.

Cuirfidh an rabhadh Stádas Oráiste isteach ar cheantair timpeall Chorcaí, Chiarraí agus an Chláir.

Chomh maith le sin, beidh tionchar ag rabhadh gaoithe Stádas Buí ar fhormhór na tíre.

NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO
An bhfuil an teach ‘fully insured’ tar
éis ardú ar chostais tógála?

Beidh tionchar aige ar an gClár, ar Chorcaigh, ar Chiarraí, ar Luimneach, ar Ghaillimh, ar Chúige Laighean ar fad, chomh maith leis an gCabhán, Dún na nGall, Muineachán, Liatroim, Ros Comáin, Sligeach, Tiobraid Árann agus Port Láirge de bharr ‘gaotha an-láidir san iarthuaisceart’.

Met Éireann
Tá Rabhadh Stádas Oráiste eisithe ag Met Éireann do chodanna den tír, le gaotha suas le 110km/u

Táthar ag súil le gaotha idir 90 agus 110km/u, leis na gaotha is láidre i gceantair chósta agus thar thalamh ard.

Eisíodh Rabhadh Dearg Mara ó Dhairbhre go Ceann Léime (Valentia to Loop Head) freisin.

Thosaigh an Rabhadh buí don tír ar fad ag meán oíche Dé Máirt agus tá sé i bhfeidhm go dtí meán oíche Dé Céadaoin.

Dúirt Met Éireann go mb’fhéidir go mbeidh ceathanna troma agus stoirmeacha ann.

NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Siúlóid ag Charlie Bird do na
Samaritans ar Dé Domhnaigh

Dúirt urlabhraí: ‘Lá an-ghaofar a bheidh ann a shínfidh ar fud na tíre.

Met Éireann
. Beidh na teochtaí is airde idir 6C agus 10C. Beidh níos mó tréimhsí grianmhara ann

‘Gluaisfidh gaotha láidre aniar ó thuaidh go dtí an iarthuaisceart agus táthar ag súil le roinnt gaotha troma, go háirithe san iarthuaisceart.

NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Fiosrúchán ar bun ar an ‘racist abuse’
ar an iománaí sinsearach Lee Chin

‘Beidh ceathanna ann agus ansin seal fada báistí.

‘Beidh seans ann freisin go mbeidh stoirmeacha toirní ann. Beidh na teochtaí is airde idir 6C agus 10C. Beidh níos mó tréimhsí grianmhara ann tráthnóna.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram