Tá sé deimhnithe ag an Teach Bán ar deireadh go dtiocfaidh Uachtarán SAM Joe Biden go hÉirinn Dé Máirt 11 Aibreán.
Agus tabharfar Teachtaí Dála agus Seanadóirí ar ais óna laethanta saoire na Cásca, ionas gur féidir leis an Uachtarán Biden óráid a thabhairt ag comhshuí den Oireachtas ag 2pm Déardaoin.
Cé go raibh an chuairt fógartha, agus go raibh sonraí tugtha i dtaobh cad a dhéanfadh an tUachtarán níor deimhníodh í. Beidh an chuairt lá amháin níos giorra ná mar a dúradh cheana.
I ráiteas ag fáiltiú roimh an gcuairt, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur pribhléid agus nóiméad speisialta a bheadh ann” fáilte a chur roimh Uachtarán SAM go hÉirinn.
NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Easpa múinteoirí mar gheall ar cíosanna
arda. An bhfuil oideachas ceart á fháil ag na daltaí?
Dúirt Varadkar cheana féin go raibh ‘seans beag’ ann nach rachaidh cuairt Biden ar aghaidh.
Agus thug ExtraG.ie le fios roimhe seo go raibh amhras faoin turas mar gheall ar dhrochshláinte an iar-uachtarán Jimmy Carter, atá ag fáil cúram maolaitheach (palliative care) faoi láthair.
Dá bhfaigheadh an tUasal Carter, 98, bás, ní dócha go rachfaí ar aghaidh le cuairt an Uachtaráin Biden, mar bheifí ag súil go mbeadh ról suntasach ag Biden ag sochraid iar-uachtarán SAM.
Agus ar Dé Luain dúirt Varadkar le Newstalk Breakfast: Tá seans beag ann nach rachaidh sé ar aghaidh, ach táimid ag feidhmiú ar an mbonn go rachaidh sé ar aghaidh.’
NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Óglaigh faoi imscrúdú: Gardaí ag
fiosrú 26 éileamh faoi ‘serious sexual abuse’
Taistealóidh an tUasal Biden go Béal Feirste ar dtús, chun an ‘dul chun cinn iontach’ ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta (Good Friday Agreement) 25 bliain ó shin a chomóradh.
Ón gCéadaoin seo chugainn go dtí an Aoine, beidh coinní éagsúla ag an Uasal Biden i gcontaetha Bhaile Átha Cliath, Lú agus Mhaigh Eo,
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.