Cuairt Biden: Seans nach rachfar ar aghaidh leis, a deir an Taoiseach

Níl cuairt an Uachtaráin Joe Biden ar Éirinn an tseachtain seo chugainn ‘deimhnithe go hoifigiúil’, d’admhaigh an Taoiseach.

Agus dúirt Leo Varadkar go bhfuil ‘seans beag’ ann nach rachaidh sé ar aghaidh.

Thug ExtraG.ie le fios roimhe seo go raibh amhras faoin turas mar gheall ar dhrochshláinte an iar-uachtarán Jimmy Carter, atá ag fáil cúram maolaitheach (palliative care) faoi láthair.

Dá bhfaigheadh an tUasal Carter, 98, bás, ní dócha go rachfaí ar aghaidh le cuairt an Uachtaráin Biden, chun comóradh 25 bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta (Good Friday Agreement) a chomóradh.

Mar cheannasaí bheifí ag súil go mbeadh ról suntasach ag Biden ag sochraid iar-uachtarán SAM.

Biden
Cuairt Biden: Jimmy Carter agus Joe Biden

Tá cuairt an Uasail Biden ‘á phleanáil’ ach níl sé ‘dearbhaithe go hoifigiúil’ fós, a dúirt an tUasal Varadkar inné.

Thug an Taoiseach foláireamh go raibh seans ann go gcuirfí turas an Uachtaráin go hÉirinn ar ceal ar fad.

Dúirt ceannaire Fhine Gael: ‘Tá pleananna faoi lán seoil, táim ag súil go mór le fáilte na hÉireann a thabhairt don Uachtarán Biden.

‘I ndáiríre níl sé deimhnithe go hoifigiúil fós, dála an scéil, agus níl an clár tugtha chun críche.

‘Tá seans beag ann nach rachaidh sé ar aghaidh, ach táimid ag feidhmiú ar an mbonn go rachaidh sé ar aghaidh,’ a dúirt sé.

Dúirt an tUasal Varadkar freisin nach dócha go n-athbhunófar institiúidí Thionól an Tuaiscirt agus an Fheidhmeannais do chomóradh 25 bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta Dé Luain.

Cuairt Biden
Cuairt Biden: Beidh Hillary Clinton agus Bill Clinton anseo. Tá a n-iníon sa pictiúr freeisin Pic: NICHOLAS KAMM/AFP/Getty Images)

‘An mbeidh an Feidhmeannas agus an Tionól faoi lánseol sna seachtainí atá romhainn? Ní dóigh liom,’ a dúirt sé le Newstalk Breakfast.

‘Sílim go bhféadfadh sé tarlú i mbliana. Ba mhaith linn go léir go dtarlódh sé roimh an gcomóradh, ach ní dócha go dtarlódh sé sin anois.’

Beidh iar-uachtarán SAM Bill Clinton agus a bhean chéile an Iar-Rúnaí Stáit Hillary Clinton in Éirinn  le haghaidh imeachtaí chun Comhaontú Aoine an Chéasta a chomóradh.

Táthar ag súil go dtabharfaidh an tUasal Biden cuairt ar Lú agus ar Mhaigh Eo araon as ar tháinig a shinsir.

Chuaigh a shin-seanathair Owen Finnegan ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe ó leithinis Chuaille (Cooley peninsula), agus rugadh sin-seanathair eile, Patrick Blewitt, i mBéal an Átha. D’imigh sé sa bhliain 1850 le seoladh go Meiriceá.

Beidh an tUasal Biden ag dhéanamh staidéar ar a oidhreacht phearsanta chomh maith. Is col ceathracha é an tUachtarán Biden leis an iar-imreoir rugbaí Rob Kearney.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram