Táthar ag súil go dtosóidh cuairt Joe Biden ar Éirinn i gceann coicíse – ach tá faitíos go gcaithfear a thuras a chur siar má fhaigheann Jimmy Carter bás.
Tá an tUasal Carter, 98, ag fáil cúram maolaitheach (palliative care) sa bhaile i Georgia agus tá sé ina laethanta deiridh.
Tá traidisiún ann go bhfreastalaíonn uachtarán Mheiriceá ar fad ar shochraid duine dá réamhtheachtaithe.
NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Trump chun géilleadh do
na húdaráis faoi chúisimh
íocaíochta gnéis
Chaith an tUasal Carter, iar-uachtarán na Stát Aontaithe is sine atá fós beo, téarma amháin sular bhain an Poblachtach Ronald Reagan amach é i 1980.
Gheall an tUasal Biden an tseachtain seo nach bhfuil an bhagairt mhéadaithe foréigin sa Tuaisceart fiú chun é a chur as an turas seo.
An plean atá fós ann ná go dtósóidh a chuairte ar Éirinn i mBéal Feirste an lá tar éis Luan Cásca, 11 Aibreán agus go ndíreofar go láidir ar chomóradh 25 bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta (Good Friday Agreement).
Beidh an tUasal Biden ag dhéanamh staidéar ar a oidhreacht phearsanta nuair a thagann sé. Is col ceathracha é an tUachtarán Biden leis an iar-imreoir rugbaí Rob Kearney.
Táthar ag súil go dtabharfaidh an tUasal Biden cuairt ar Lú agus ar Mhaigh Eo araon as ar tháinig a shinsir.
Chuaigh a shin-seanathair Owen Finnegan ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe ó leithinis Chuaille (Cooley peninsula), agus rugadh sin-seanathair eile, Patrick Blewitt, i mBéal an Átha. D’imigh sé sa bhliain 1850 le seoladh go Meiriceá.
Má tá an tUasal Biden chun óráid poiblí a thabhairt agus na sluaite móra i láthair is dócha go dtarlóidh sé sin in iarthar na hÉireann, tá sé tugtha le fios ag foinsí an Rialtais.
NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Físeán: Pápa Proinsias san ospidéal
ar feadh cúpla lá le ‘respiratory infection’
Tabharfaidh an tUasal Biden cuairt ar Uachtarán na hÉireann Mícheál Dl Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin fad is atá sé i mBaile Átha Cliath.
Beidh an Taoiseach Leo Varadkar ina fhear an tí ag fáiltiú a reáchtálfar in onóir an Uachtaráin Biden i dTeach Bhán na Feirme i bPáirc an Fhionnuisce (Phoenix Park) .
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.