Dearbhla, máthair Paul Mescal, ‘réidh le haghaidh chemo anois’

03/04/2023

Tá máthair Paul Mescal, Dearbhla, san ospidéal le haghaidh tuilleadh cóireála ailse, ag insint dá lucht leanúna go bhfuil sí ‘réidh le haghaidh tuilleadh’.

Labhair Dearbhla faoi ailse smeara (bone marrow cancer) ar a dtugtar ‘multiple myeloma’ a fuair sí níos luaithe i mbliana.

NÍOS MÓ CLIC ANSEO:
ÉIST LE SEO: Rinneadh
bulaíocht uirthi ar scoil,
anois is réalta amhránaíochta
í Nell Mescal

Mar sin féin, bhí sí in ann taisteal chuig na hOscars níos luaithe an mhí seo, nuair a ainmníodh Paul don Aisteoir is Fearr.

Ag tabhairt faoina scéal Instagram Déardaoin, dúirt Dearbhla go raibh sí ar ais san ospidéal le haghaidh tuilleadh ceimiteiripe (chemotherapy), agus ghabh sí buíochas lena lucht leanúna as a dtacaíocht.

Dearbhla máthair Paul Mescal
Paul Mescal agus a mháthair Dearbhla

‘Is dócha gurb é seo mo chéad lá,’ a dúirt Dearbhla. ‘Ní thugann siad an chéad lá air – is é an chéad lá an lá a fhaigheann tú do chuid gascheall (stem cells) ar ais – ach ní bheidh muid buartha faoi na rudaí sin.

‘Chodail mé ceart go leor. Tá mo líne PICC curtha isteach agam. Tá sé sin chun tús a chur leis an chemo tráthnóna inniu agus tabharfaidh sé bia dom freisin má éiríonn mé ró-thinn nó má bhíonn tuilleadh leigheasanna pian ag teastáil uaim.

NÍOS MÓ CLIC ANSEO:
Bheadh Oscar breá ach
tagann an teaghlach sa
chéad áit do Paul Mescal

‘Seachas é sin, is iontach iad na daoine a oibríonn sa réimse seo,’ a dúirt sí.

‘Tá mé fós ag déanamh measúnú ar an áit ina bhfuilim, agus freisin ar “an áit ina bhfuilim” – sé sin fisiciúil agus meabhrach – faoi láthair.

Dearbhla máthair Paul Mescal

‘Níor chuir mé an teilifís ar siúl go fóill, níor chuir mé ar mo cheol go fóill. Táim i mo shuí go ciúin… ní bhíonn ann ach lá i ndiaidh lae.’

Ghabh Dearbhla buíochas lena cairde agus lena lucht leanúna as ucht a ndea-mhéin, ag rá: ‘Tá mé socraithe go leor.

NÍOS MÓ CLIC ANSEO:
‘Cancer free’: Bhí Mairéad
Ní Chuaig ó TG4 ag ceiliúradh
oíche mhór speisialta saor
ó ailse ag na Oscars

‘Tá mo phictiúir agam ar an mballa. Táim réidh le haghaidh chemo amárach. Tabharfar líne mhór dom ar maidin agus ansin téann mé leis an sruth (go with the flow).

‘Go raibh maith agaibh as bhur dteachtaireachtaí álainn ar fad. Déanfaidh mé an méid is féidir liom, nuair is féidir liom.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram