Bheadh Oscar breá ach tagann an teaghlach sa chéad áit do Paul Mescal

13/02/2023

Tá sé ráite ag Paul Mescal go bhfuil a ainmniúchán Oscar ag cuidiú lena theaghlach a n-intinn a bhaint as ullmhú a mháthar do chóireáil ailse.

Fuair an t-aisteoir, atá  27 bliain d’aois, as Contae Chill Dara, ainmniúchán mar gheall ar an léiriú a rinne sé ar athair óg sa scannán Aftersun.

Ag labhairt dó le Martha Kearney ar an gclár Today ar BBC Radio 4, léirigh an réalta Normal People: ‘Sílim gur rud ollmhór (overwhelming) é, go háirithe do mo theaghlach, ní dóigh liom go raibh duine ar bith nó fiú go raibh mé ag súil leis seo.

‘Bhí a fhios agam i gcónaí go raibh mé toilteanach obair chrua a dhéanamh, ach nuair a tháinig na hainmniúcháin isteach, agus na Baftas an tseachtain roimhe sin, bhí rud beag áiféiseach faoi sin ar fad.’

Paul Mescal Mother 1
Paul agus a mháthair Dearbhla

Dúirt sé: ‘Tá rudaí ar siúl sa bhaile atá deacair agus chuir mo theaghlach an-fháilte roimh seo, agus beidh am iontach againn mar theaghlach.

‘Tá siad go léir ag teacht amach go LA.’

Thug deirfiúr Paul, Nell, le fios ar Twitter go raibh a máthair Dearbhla ag ullmhú le haghaidh cóireála ailse.

Agus dúirt an t-aisteoir: ‘Oibríonn an saol ar bhealaí an-suimiúil.’

Labhair sé faoina shaol mar laid óg, ag rá: ‘Chuaigh mé go dtí iarbhunscoil Mhaigh Nuad agus tá an polasaí seo acu, is cuma cé acu is mian leat a bheith ann nó nach mian leat, beidh gach éinne sa Cheolscoil.

paul mescalaftersun
Paul in Aftersun

‘Is dóigh liom murab an polasaí sin, níl a fhios agam an mbeadh an mhuinín agam casadh ar mo chairde a raibh mé ag imirt spóirt leo agus a rá, “Ba mhaith liom a bheith sa cheoldráma scoile”.’

An mhí seo caite, thug Dearbhla le fios go bhfuil súil aici a bheith mar aoi ag a mac ag na Oscars i mí an Mhárta agus í ag labhairt faoina troid in aghaidh na hailse.

‘Seans go mbeidh mé [ag an searmanas]. Mura bhfuil, tá súil agam a bheith ann le mo ‘fluffy’ stocaí clúmhacha, agus ‘infinity pool’, agus suífidh mé síos agus féachfaidh mé é ar an teilifís. Ba mhaith liom a bheith ar an taobh sin den domhan, ba mhaith liom a bheith in aice leis,’ a dúirt sí.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram