Trump chun géilleadh do na húdaráis faoi chúisimh íocaíochta gnéis

31/03/2023

Tá Donald Trump chun dul i dteagmháil leis na húdaráis dlí i Nua-Eabhrac Dé Máirt, a dúirt a chuid dlíodóirí.

Is é sin tar éis do ghiúiré mór vótáil chun an iar-Uachtarán Mheiriceá a dhíotáil (indict) mar gheall ar íocaíocht shuarach airgid (hush-money) a rinneadh leis an réalta scannán gnéis Stormy Daniels le linn toghchán 2016.

Is é seo an chéad uair i stair na Stát Aontaithe go bhfuil díotáil choiriúil (criminal indictment) os comhair iar-uachtarán.

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Biden ag teacht: Ag ceiliúradh
an tsíocháin in Éirinn agus
a oidhreacht féin

Tá an imscrúdú Manhattan ar cheann de roinnt dúshlán dlíthiúil atá roimh Trump.

Tá tuairiscithe ag CNN go bhfuil Trump, atá 76 bliain d’aois, os comhair níos mó ná 30 cúiseamh a bhaineann le calaois ghnó (business fraud).

Trump cúisithe
Donald Trump[ i Washington roimh na círéibeacha

Mhair Trump dhá ‘impeachment’ le linn a théarma oifige agus, go dtí seo, tá sé tar éis ionchúiseamh (prosecution) a sheachaint mar gheall ar círéibeacha (riots) Capitol na SA, cur isteach toghcháin agus an mhí-láimhseáil líomhnaithe a rinne sé ar dhoiciméid rúnaicmithe.

Tá na cúisimh i Nua-Eabhrac mar gheall ar imscrúdú faoi stiúir an Ionchúisitheoir Dúiche (District Attorney) Manhattan Alvin Bragg.

Tagann sé seo agus Trump ag lorg ainmniúchán na bPoblachtánach chun seasamh mar Uachtarán arís an bhliain seo chugainn.

Dúirt Trump go bhfuil sé ‘go hiomlán neamhchiontach’ agus thug sé le fios nach bhfágfadh sé as an rás chun a bheith mar uachtarán.

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Físeán: Pápa Proinsias san ospidéal
ar feadh cúpla lá le ‘respiratory infection’

Tá rabhadh tugtha ag Donald Trump cheana féin go bhféadfadh ‘bás agus scrios’ a bheith ann dá mbeadh cúisimh choiriúla os a chomhair.

Chuir sé i leith Bragg, Daonlathach, iarracht a dhéanamh aon seans atá aige chun an atoghadh a bhuachan a ghortú.

‘Is é seo géarleanúint pholaitiúil (political persecution) agus cur isteach toghcháin ag an leibhéal is airde sa stair,’ a dúirt sé i ráiteas.

Tá pléadáil déanta aige cheana féin chuig a lucht tacaíochta, airgead a chur ar fáil do chosaint dhlíthiúil, agus tá os cionn $2 mhilliún bailithe aige, de réir a fheachtais féin, ó thuar sé go mícheart ar 18 Márta go ndéanfaí é a ghabháil ceithre lá ina dhiaidh sin.

Trump cúisithe
Donald Trump ag fágáil an Teach Bán

Fógróidh breitheamh sonraí na gcúiseamh sna laethanta amach romhainn.

Beidh ar Trump taisteal go Manhattan le haghaidh méarlorgaireacht (fingerprinting) agus próiseáil eile ag an bpointe sin.

Tá sé ráite ag Ms Daniels, a bhfuil a fíorainm Stephanie Clifford, go bhfuair sí airgead mar mhalairt ar a bheith ciúin faoi ghnéas le Trump i 2006.

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO: Cowen cainte: Ghabh sé a leithscéal as ‘milseáin leanaí’ ráiteas

Dúirt dlíodóir pearsanta an iar-uachtarán, Michael Cohen, go ndearna sé comhordú le Trump ar na híocaíochtaí do Ms Daniels agus do bean eile, iar-mhúnla Playboy Karen McDougal, a dúirt freisin go raibh gnéas aici le Trump.

Shéan Trump go raibh gnéas aige le ceachtar den dá bhean.

I 2018 dúirt Trump nach raibh a fhios aige faoin íocaíocht le Ms Daniels. D’admhaigh sé níos déanaí go n-aisíocfadh sé Cohen as an íocaíocht. ‘Idirbheart príobháideach simplí’ (simple private transaction), a thug sé air.

leabhar nua litreacha ag Trump faoi a deir sé faoi Queen Elizabeth na Breataine, Princess Diana, Richard Nixon, Oprah Winfrey agus Hillary Clinton gur ‘phóg siad mo thóin’.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram