Ba ‘náire’ é an cur isteach a rinne Airí Rialtais agus Teachtaí Dála an fhreasúra sa Dáil Dé Céadaoin, a dúirt an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl.
Bhí Teachtaí Dála i mbun díospóireachta ar rún muiníne (confidence motion) sa Rialtas a cuireadh mar gheall ar an gcinneadh ceadú le díshealbhú (eviction) arís ón Luan seo chugainn.
Rinne Teachtaí Dála ó gach taobh, lena n-áirítear airí sinsearacha, magadh ar a chéile i malartú cantalach (ill-tempered) i seomra na Dála.
Sa deireadh, mhair an Comhrialtas tar éis dhá vóta, mar a bhíothas ag súil leis. Bhuaigh siad an rún muiníne ó Pháirtí an Lucht Oibre le 19 vóta, agus rún níos déanaí ó Shinn Féin, chun síneadh a chur leis an gcosc ar dhíshealbhú (eviction ban) go dtí Eanáir 2024, le 14 vóta.
Ach spreag malartú cantalach idir Teachtaí Dála an Rialtais agus an Fhreasúra idirghabháil ón gCeann Comhairle.
Dúirt an tUasal Ó Fearghaíl leis an Teach: ‘Ba mhór an náire an díospóireacht seo le ‘heckling’ agus cur isteach leanúnach.
NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Físeán: Pápa Proinsias san ospidéal
ar feadh cúpla lá le ‘respiratory infection’
‘Is é láidreacht argóintí na mball a chuireann ina luí ar dhaoine, ní idirbhriseadh (interruptions) ón dá thaobh, le bhur dtoil, taispeáin ómós do na daoine a sheol anseo sinn, agus atá ag faire ar an díospóireacht seo agus an droch-mhodh atá á reáchtáil.’
Chuir Páirtí an Lucht Oibre brú ar an Rialtas maidir lena chinneadh ligean don chosc ar dhíshealbhú dul i léig an deireadh seachtaine seo.
Mar fhreagra ar a rún mímhuiníne (no-confidence), chuir an Rialtas rún muiníne ann féin, agus thug sin níos mó ama cainte do na hairí sa díospóireacht.
Nuair a labhair ceannaire Páirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik faoina rún, bhí airí agus Teachtaí Dála an Rialtais ag cur isteach uirthi go leanúnach, ar a n-áirítear (including) an tAire Ardoideachais Simon Harris agus an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe.
‘B’fhéidir go ndéanann Teachtaí Dála an Rialtais gáire agus magadh ach tá sé seo bunaithe ar fhigiúirí an Rialtais féin,’ a d’fhreagair sí.
NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
600 múinteoir nua á lorg …
le háiteanna breise dóibh
siúd atá ag teagasc trí Ghaeilge
Mar sin féin, bhí TD Pháirtí an Lucht Oibre do Chuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh Aodhán Ó Ríordáin go háirithe cainteach ina cuir isteach, ag scairteadh go raibh Fianna Fáil tar éis an geilleagar a chliseadh agus an IMF a thabhairt isteach sa tír.
Bhí baint ag an Uasal Ó Riordáin le comhrá téite ar leith leis an Uasal Harris, nuair a mhaígh an tAire gur dócha gur chuir TDeanna an Lucht Oibre i gcoinne níos mó tithe ná aon bhall eile de Dháil Éireann’.
Níos déanaí, d’fhiafraigh TD Shinn Féin Louise O’Reilly cén áit a rachadh baintreach (widow) le ceathrar clainne ina dháilcheantar nuair a dhíshealbhaítear í óna teach cónaithe i mí Bealtaine.
NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
ChatGPT faoi bhrú: Imní
go n-úsáidfidh daltaí scoile
AI chun a obair bhaile a dhéanamh
Leag an méid sin an béim ar an bpríomhcheist a bhí á phlé, sé sin go mbeidh daoine fágtha gan áit le dul nuair a rachaidh an cosc ar dhíshealbhú i léig.
Agus tráth níos ciúine, d’admhaigh an tAire Fiontair Simon Coveney gur ‘scannal’ é leibhéil na heaspa dídine sa tír.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.