Tá roinnt tithe ar cíos ar rátaí ísle á scaoileadh ar an margadh.
Agus beidh siad na céadta euro faoi bhun cíosanna i dtithe eile sa cheantar céanna.
Tosaíonn na 95 teach ar chíos €1,350 in aghaidh na míosa do theach ‘terraced’, trí sheomra leapa, dhá urlár.
Mar sin féin, tá an meánchíos míosúil do theach cosúil leo sa limistéar céanna ar Daft.ie, níos mó ná €800 níos airde, ag €2,154 in aghaidh na míosa.
Tá na tithe mar chuid de Thionscadal Tosaigh ón nGníomhaireacht Forbartha Talún (Land Development Agency, LDA), in Citywest, Baile Átha Cliath 24.
Is aonaid teaghlaigh trí agus ceithre sheomra leaba iad i bhFearann na Páirce (Parklands) ar Lána Bhaile Uí Fhoirtcheirn (Fortunestown Lane).
Scaoilfear na tithe i gcéimeanna thar na 16 mhí atá romhainn, ag tosú leis na chéad 22 aonad.
Ní mór go mbeadh glanioncam teaghlaigh (net household income) níos lú ná €53,000 sa bhliain ag tionóntaí incháilithe (eligible tenants), méid atá dírithe ar theaghlaigh ar ioncam íseal go measartha nach gcáilíonn do thithíocht shóisialta.
Cé go scaoilfear amach an chuid eile de thithe i Citywest sna céimeanna ina dhiaidh sin, moltar d’iarratasóirí iarratas a dhéanamh anois (apply now) mar go mbainfidh a n-iarratas freisin le heisiúint na scéime áirithe seo amach anseo.
Téann gach iarratas trí chóras crannchuir (lottery) an LDA agus osclaítear iarratais Dé Luain ag meán lae.
Deir tuarascáil an LDA: 'Is gnách go mbíonn na cíosanna seo thart ar 57% faoi bhun cíosanna an mhargaidh.'
Dúirt príomhfheidhmeannach an LDA, John Coleman: 'Is forbairt dhearfach í seo agus beimid ag déanamh sraith d'fhógraí seachadta comhchosúla sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.'
Dúirt an tAire Tithíochta Darragh O’Brien: ‘Níl sa Tionscadal Tosaigh ach ceann amháin de roinnt tionscnamh atá tugtha isteach ag an Rialtas chun soláthar tithíochta inacmhainne a bhrostú.
‘Tá sé iontach a fheiceáil go bhfuil méadú ar líon na dtithe nua agus tíosach ar fhuinneamh (energy efficient) á dtairiscint ar chíosanna laghdaithe do theaghlaigh agus do dhaoine aonair.
‘Is toradh díreach é seo ar idirghabháil an rialtais agus tá sé indéanta de bharr infheistíocht mhéadaithe i dtithíocht.’
Tá na cíosanna atá i gceist i bhfad níos ísle ná cíosanna an mhargaidh, a deir an LDA.
Tá céim a haon dá 142 teach cíosa ar chostas eisithe ag an LDA cheana féin in Archers Wood i nDeilgne, Co. Chill Mhantáin, agus tá tionóntaí ag bogadh isteach i 24 aonad déphléacsacha (duplex) cheana féin.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.