Tá Enda Kenny ag mothú níos fearr tar éis a obráide ailse

28/02/2023

Tá an t-iar-Thaoiseach Enda Kenny ag mothú níos fearr tar éis diagnóis ailse agus obráide.

Mar sin féin, tá sé ag súil le téarnamh (recovery) iomlán a dhéanamh.

Cé gur moladh d’Enda scíth a ligean tar éis a obráide, tuairiscíodh go bhfuil sé tar éis tosú arís ar a sceideal rialta.

Chuaigh an tUasal Kenny, a bhain 72 bliain d’aois amach i mí Aibreáin, faoi obráide le déanaí in Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath.

Dúirt sé le dlúthchairde gur baineadh fíocháin (tissue) as a lámh ach go bhfuil sé muiníneach go bhfuil an urchóideacht (malignancy)  gafa go luath.

Dúirt urlabhraí d’iarcheannaire Fhine Gael: ‘Bhí obráide ag an iar-Thaoiseach chun ailse a bhaint roimh an Nollaig.

‘Buíochas le Dia go bhfuil sé i ndea-shláinte sa bhreis agus tá sé ar an mbóthar chuig téarnamh iomlán.’

D’údaraigh an tUasal Kenny nochtadh a dhiagnóis ach níl sé ag iarraidh sonraí a sholáthar.

Enda Kenny 1
Enda Kenny

Tuigtear go bhfuil dochtúirí tar éis a dhearbhú don Uasal Kenny go bhfuil a riocht leighis faoi smacht agus go bhfuil prognóis iontach aige.

Chaith Kenny 42 bliain sa pholaitíocht, agus seisear acu sin ina Thaoiseach, sular éirigh sé as oifig in 2017.

Le blianta beaga anuas, ghlac sé le post ar bhord an ghnólachta caidrimh phoiblí agus stocaireachta Heneghan Strategic Communications.

Bhí sé chun tosaigh freisin ar shraith teilifíse Gaeilge ar RTÉ faoi sheanbhealaí iarnróid na hÉireann.

Ó d’fhág sé an oifig, bhí TD Mhaigh Eo mar chuid d’fhoireann bhuaiteach Bear Grylls ag regatta ríoga carthanachta in 2019.

Bhí an fear atá mar bhall de lucht tacaíochta díograiseach CLG i bPáirc Mhic Haile i gCaisleán an Bharraigh oíche Dé Sathairn le féachaint ar a chontae baile, Maigh Eo, ag imirt in aghaidh Thír Eoghain.

Ar dhuine de na polaiteoirí is aclaí sa Dáil le linn a thionachta mar TD i Maigh Eo a mhair ó 1975 go 2020, is maith leis an Uasal Kenny a bheith ag dreapadh, ag siúl, ag rothaíocht agus ag coinneáil aclaí ar shlí eile.

Dhreap sé Croagh Patrick níos mó ná trí dhosaen ócáid.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram