Lá stairiúil! Gaeilge sa ‘Commons’… agus Dáithí Óg cróga ag aontú gach taobh sa Tuaisceart

Is annamh an lá a bhíonn gach taobh den deighilt pholaitiúil sa Tuaisceart aontaithe chomh maith le rialtas na Breataine. Ach rinne Dáithí Mac Gabhann é sin.

Is annamh fós a chuid iarrachtaí a cheiliúradh i nGaeilge i dTeach na dTeachtaí i Westminster, mar a tharla Dé Céadaoin.

Is é sin toisc go bhfuil rialtas na Breataine chun an dlí deonaithe orgáin a thabhairt isteach. Sé sin ‘Dlí Dháithí’, tar éis feachtasaócht fhada teaghlaigh an buachaill as Bhéal Feirste, atá sé bliana d’aois agus a bhfuil trasphlandú croí de dhíth air.

Daithi1
Dáithí Mac Gabhann

Tá an reachtaíocht, a deir go bhféadfaí croí nó ball eile as corpán a aistriú chuig colainn duine ina mbeatha, muna raibh an té sin tar éis a chur in iúl go raibh siad i gcoinne, curtha i leataobh toisc go bhfuil an DUP ag diúltú dul isteach sa rialtas i Stormont, mar agóid i gcoinne Phrótacal Brexit.

Tháinig an cheist chun cinn le cúpla seachtain anuas agus Rúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris ag rá gurbh é Stormont an bealach is tapúla chun é a rith.

An tseachtain seo caite, theip ar iarracht Stormont agus dúirt an tUasal Heaton-Harris, áfach, go dtabharfadh sé isteach é i dTeach na dTeachtaí i Londain, agus sin mar a tharla Dé Céadaoin.

DaithiDad2
Máirtín Mac Gabhann

Lá mothúchánach a bhí ann mar bhí Dáithí agus a chlann i dTeach na dTeachtaí. Chuir an tUasal Heaton-Harris fáilte roimh Dháithí agus a thuismitheoirí, Seph Ní Mhealláin agus Máirtín Mac Gabhann, beirt chainteoirí Gaeilge, agus mhol sé iad, de réir tuairisc.ie.

Mar aon le sin, labhair MPs eile faoi ‘misneach’ agus ‘dúthracht’ Dáithí agus a thuismitheoirí .

‘Tá a fhios agam go ndeachaigh scéal Dháithí agus an troid atá déanta ag tuismitheoirí Dháithí ar son athraithe i dtaobh deonú orgáin i bhfeidhm go mór ar gach duine sa teach seo,” a dúirt an tUasal Heaton-Harris.

Agus labhair Claire Hanna, MP de chuid an SDLP, Gaeilge i dTeach na dTeachtaí nuair a ghabh sí comhghairdeas le Dáithí agus lena mhuintir as an fheachtas ar son ‘Dlí Dháithí’.

chris heaton harris 1168x681 1
Rúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris

‘Tá tú i do chodladh anois, a Dháithí, i ndiaidh an turais. Cinnte, maith thú, bhí sibh tuirseach i ndiaidh an taistil,’ a dúirt sí.

‘Tú féin, do mhamaí, do dhaidí, agus anois do dheirfiúr bheag, ba chóir daoibh a bheith an-bhródúil as an bhfeachtas a throid sibh, as an misneach a léirigh sibh, as an bhua mór a bhain sibh amach le chéile. Iarraim ar Dhia go mbeidh dea-scéal agus croí nua agat.’

Dúirt MP de chuid an DUP, Jim Shannon, go raibh ‘ardmholadh ar fad tuillte’ ag muintir Dháithí Mhic Gabhann as an fheachtas ‘den scoth’ a rinne said.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram