Ár ndócháin íoctha againn! Gach teaghlach chun aisíocaíocht leictreachais a fháil, a deir an rialtóir

Gheobhaidh gach custaiméir leictreachais in Éirinn –gnóthaí agus teaghlaigh san áireamh – aisíocaíocht ar a gcuid billí.

Ach is é an chúis atá leis sin ná go bhfuil praghsanna chomh hard ar aon nós, a dúirt rialtóir.

Dúirt an Coimisiún um Rialáil Fóntas (Commission for the Regulation of Utilities, CRU) go bhfaighidh gach custaiméir leictreachais íocaíocht €89.10 ar ais.

Déanfar an íocaíocht i dtráthchodanna (installments) míosúla de €12.73 ó Mhárta go Meán Fómhair.

electric1

Gheobhaidh custaiméirí an íocaíocht mar chreidmheas ar a gcuid billí. Agus laghdófar buanmhuirear laethúil custaiméirí réamhíoctha (Pre-paid customers will have their daily standing charge reduced).

Is é an chúis atá leis sin ná nach gá cáin na hOibleagáide Seirbhíse Poiblí (Public Service Obligation, PSO) a íoc.

Dúirt an CRU, go ngearrtar cáin PSO go stairiúil ar gach custaiméir leictreachais chun scéimeanna atá deartha ag an Rialtas a mhaoiniú, chun tacú le fuinneamh in-athnuaite (renewable energy)  agus chun a spriocanna náisiúnta um athrú a bhaint amach.

 Ach mhínigh sé go bhfuil praghsanna mórdhíola (wholesale) leictreachais an-ard faoi láthair, mar gheall ar na praghsanna gáis níos airde, rud a chiallaíonn go bhfaigheann gineadóirí in-athnuaite níos mó airgid cheana féin as an leictreachas a dhíolann siad sa mhargadh mórdhíola.

Mar thoradh ar an airgead breise a fuair na cuideachtaí sin ó na custaiméirí, níl tuilleadh tacaíochta ag teastáil ó na gineadóirí in-athnuaite don tréimhse 2022 go 2023, agus mar sin tá na PSO le híoc ar ais le custaiméirí.

Gheobhaidh custaiméirí gnóthas beag íocaíocht mhíosúil de €44.50 ó Mhárta go Meán Fómhair agus íocfar gnólachtaí móra bunaithe ar a n-úsáid.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram