Iomlán seafóideach! I lár tubaiste tithíochta tá 90,000 teach folamh

Tá breis agus 90,000 teach folamh ar fud na hÉireann, a léirigh figiúirí nua ón CSO. Tagann an nuacht i measc fadhb mhór tithíochta a mhair le na blianta anuas agus a d’fhág na mílte teaghlach i gcruatan.

Go náisiúnta, is é 4.3% an figiúr – beagnach ceann amháin as gach 25 teach, a léiríonn na figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh (Central Statistics Office, CSO)  bunaithe ar mhéadair leictreachais.

Chuir Urlabhraí Tithíochta na nDaonlathaithe Sóisialta, Cian O’Callaghan, síos ar an uimhir mar ‘slap in the face’ do na mílte daoine a dteastaíonn áit chónaithe uathu.

Cian OCallaghan 1
Cian O’Callaghan

Tá líon na dtithe folmha i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil an ghéarchéim is géire do dhaoine gan dídean, níos mó ná 11,000 agus d’ardaigh ‘ráta folúntais’ na dtithe sa chathair ó 1.9% go 2.3% idir 2017 agus 2021.

Is é an figiúir is déanaí do dhaoine gan dídean, a foilsíodh an tseachtain seo caite, sé sin daoine ag maireachtáil in áiteanna cónaithe éigeandála, 11,632 duine san iomlán, lena n-áirítear 3,442 leanbh.

Ní áirítear leis na figiúirí sin, áfach, líon daoine a chodlaíonn taobh amuigh, níl an figiúir sin ar eolas.

Dúirt an tUasal O’Callaghan go léiríonn na figiúirí an ‘gá práinneach le Cáin Thithe Folamh (Vacant Homes Tax ) láidir agus éifeachtach’.

Dúirt sé freisin: ‘Tá an fhíric go bhfuil tuairim is 4.3% de thithe na hÉireann folamh ina “slap in the face” do na mílte duine a bhfuil géarghá acu le tithíocht.

‘Faraor, tá roinnt áiteanna ann a bhfuil ráta folúntais go maith os cionn 20%.

‘Is ábhar imní ar leith é, i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil an riachtanas tithíochta is géire, go bhfuil méadú tagtha ar an ráta folúntais ó 2016 i leith.

Homeless 1168x681 1
Ní fios fiú an líon daoine atá ag codladh ar na sráideanna

‘Bheadh sé seo do-ghlactha am ar bith. Mar sin féin, i lár na géarchéime tithíochta, tá sé go hiomlán náireach.

‘Is ionann ráta folúntais 4.3% agus na mílte teach atá folamh agus tá 11,632 duine ina gcónaí in áiteanna cónaithe éigeandála do dhaoine gan dídean.

‘Tugann na figiúirí a eisíodh inniu meastachán coimeádach ar leibhéil na bhfolúntas. Ní dhearna an Phríomh-Oifig Staidrimh ach tithe folmha a bhfuil nasc gníomhach ESB acu a chomhaireamh, ach níl an nasc sin ag mórán réadmhaoine folmha,’ a dúirt sé.

‘Tá Cáin Tithe Folamh nua an Rialtais i bhfad ró-lag chun brú a chur ar ‘”speculators” atá ina suí ar thithe folmha.

‘Ag díreach 0.3% de luach na maoine, ní ghlacann sé seo ach codán beag den ardú i bpraghsanna tithe.

Darragh OBrienhand
Darragh O’Brien

‘Tá 3,442 leanbh ina gcónaí in áiteanna cónaithe éigeandála do dhaoine gan dídean anois – ardú 40% i mbliain amháin. Ní mór don Rialtas tosú ag déileáil leis an ngéarchéim seo leis an bpráinn atá tuillte aige trí Cáin Thithe Folamh láidir a thabhairt isteach.

‘Inár mbuiséad malartach do 2023, d’éiligh na Daonlathaithe Sóisialta go ndéanfaí an cháin seo a shocrú ag 10%, le roinnt díolúintí cothroma. Chuirfeadh sé seo teachtaireacht shoiléir chuig “speculators” ina suí ar thithe folmha i lár na tubaiste tithíochta – iad a úsáid, iada ligean ar cíos, nó a dhíol.

‘Ní raibh cíosanna, praghsanna tithe agus easpa dídine chomh hard sin riamh.’

Tá breis is 900 iarratasóir faighte go dtí seo ag ciste na milliún euro a bhfuil sé mar aidhm aige foirgnimh fholmha a úsáid arís, a dúirt an tAire Tithíochta Darragh O’Brien níos luaithe an tseachtain seo.

Sheol an Rialtas an tríú babhta den Chiste Athghiniúna agus Forbartha Uirbigh (Urban Regeneration and Development Fund), ar fiú €150 milliún é, mar iarracht chun an soláthar tithíochta a mhéadú i measc rátaí easpa dídine atá ag dul in olcas. Dúirt an tUasal O’Brien go bhfuil súil aige go gcabhróidh an ciste ‘dul i ngleic le sciúirse na bhfolú

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram